Macadam
Truncáil de chlocha mionaithe ar bhóthar is ea macadam[1], nó modh chun bóthar a thógáil le cisil dhlúthaithe de chlocha beaga, a tháinig in úsáid timpeall 1815-1820. Toisí éagsúla ag na clocha, ionas go n-oiriúnaíonn siad le chéile go dlúth.
Cuireadh in ionad smúitbhóithre san Eoraip is Meiriceá é, agus rinne réabhlóid san iompar ar bhóithre.
Ar dtús bhíodh na clocha greamaithe le chéile le meascán de phúdar cloiche is uisce, ach anois is le bitiúman a ghreamaítear iad.
Cheap John Loudon McAdam, innealtóir as Albain, an modh nua.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "An Foclóir Beag: macadam" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2022-01-04.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Macadam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 427.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |