An mhóimint mhaighnéadach in aghaidh aonad toirte in ábhar a bhíonn ann mar thoradh ar mhóimintí maighnéadacha ar leith na n-adamh is na móilíní san ábhar sin. Is é M an tsiombail di, agus is é A m-1 (aimpéar in aghaidh an mhéadair) a haonad. Is tomhas í ar cé chomh maighnéadaithe is atá ábhar. In ábhair dhiamaighnéadacha cuireann an mhaighnéadaíocht i gcoinne an réimse sheachtraigh, ach in ábhair pharamaighnéadacha athneartaíonn sí é. Sa dá chás, bíonn an mhaighnéadaíocht i gcomhréir leis an réimse seachtrach. Ach i gcás na bhfearómaighnéad, ní bhíonn aon ghaol comhréireach ag an maighnéadaíocht leis an réimse seachtrach, agus is féidir go mbeidh luach an-ard ag M gan aon réimse seachtrach.[1]

Bosca Sonraí Méid FisiciúilMaighnéadaíocht
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Maighnéadaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 432.