Maighnéadaihidridinimic
Staidéar ar iarmhairtí réimsí leictreacha is maighnéadacha ar shreabháin leictreasheoltacha atá faoi ghluaisne is ea an mhaighnéadaihidridinimic.[1] Tá an-chuid taighde á dhéanamh ar phrionsabail mar seo chun fuinneamh leictreach a ghiniúint. Dóitear breosla, agus úsáidtear an teas uaidh sin chun sreabhán seoltach a théamh go dtí timpeall 4000 °C is a chur ag gluaiseacht trí chomhiompar trí phoil maighnéid. Ionduchtaítear sruthanna leictreacha sa sreabhán, agus faightear an fuinneamh leictreach amach uaidh trí thadhall a dhéanamh le dhá thaobh an tsreabháin. Meastar gur féidir an fuinneamh leictreach a ghiniúint le córas mar seo le héifeacht 60%, i gcomparáid le gnáthchóras ginte inar féidir éifeacht 40% ar a mhéid a bhaint amach. Níl na córais is gá chun leictreachas a ghiniúint trí mhaignéadaihidridinimic ann fós, mar baineann fadhbanna le cur i bhfeidhm an phrionsabail, ach is dócha go mbeidh a leithéid ann sna blianta atá romhainn.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““magnetohydrodynamics” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-15.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Maighnéadaihidridinimic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 431.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |