Mairéad Mhic Dhonncha

amhránaí sean-nóis Éireannach

Is amhránaí ar an sean-nós í Mairéad Mhic Dhonncha.

Infotaula de personaMairéad Mhic Dhonncha
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata


Musicbrainz: 6b91cfce-7f67-4f5f-b1e8-aa84dbc4da6f Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh agus tógadh Mairéad Mhic Dhonncha (Nic Gearailt) i gCuas an Bhodaigh, Baile Reo, Corca Dhuibhne, ach tá cónaí uirthi le fada i Ráth Chairn i gContae na Mí.

Tá Mairéad Mhic Dhonncha ag casadh amhráin ó bhí sí ina cailín beag bídeach, is ón mBlascaod a muintir. Fuair sí a stór amhráin óna máthair, Máire Mhic Gearailt (Ní Shúilleabháin). Col ceathrar le Muiris Ó Súilleabháin ba í.[1]

Bhain sí amach a lán duaiseanna san amhránaíocht ar an sean nós ag féilte. Buaiteoir ar Chomórtas na mBan ba í ag an Oireachtas. Bhí an corn Pan-Cheilteach buaite aici chomh maith le Gradam Sean-Nóis Cois Life.[2]

Rinneadh roinnt clár a raibh sé d'aidhm acu (ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta) agus í ag casadh amhrán ar an sean-nós. Thar na blianta, tháinig Mairéad Mhic Dhonncha ar mórán chláir teilifíse mar aoi-amhránaí. Bhí Mairéad Mhic Dhonncha ina aoi-amhránaí ar Amhráin is Ansa Liom ar TG4 le linn an dara sraith sa bhliain 2011 is í cur síos ar na hamhráin is fearr léi, ar an stíl ceoil is ansa léi agus ar foinse na n-amhrán atá aici.[3]

Dioscliosta

cuir in eagar

Up Cuas, 1990

cuir in eagar

Sa bhliain 1990, d’eisigh Mairéad Mhic Dhonncha a chéad cheirnín, 'Up Cuas!' (Cuas an Bhodaigh, Baile Reo, Corca Dhuibhne).[4] Tá 12 amhráin in iomlán ar an sean nós ar an albam seo.

  1. An Cailín Deas Rua
  2. Éamonn Mágáinne
  3. Oileán Dhún an Óir
  4. Ó Beir mo Bheannacht
  5. Máire Bheag de Barra
  6. An Páistín Fionn
  7. Raghadsa is mo Cheaitísaí
  8. Rá na nGearaltach
  9. Táimse ar an mBaile Seo
  10. Táim Sínte ar do Thuama
  11. An Seanduine
  12. An Dílleachta Fáin

Bun an Bhaile

cuir in eagar

Tá amhráin Chorca Dhuibhne ar an diosca an seo, mar shampla Éamon Mhagáine, Beauty Deas an Oileáin, agus Bruach na Carraige Báin.[5]

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar