Mairéad Ní Fhlatharta

amhránaí Éireannach

Amhránaí sean-nóis í Mairéad Ní Fhlatharta arb as Baile an tSléibhe sa Spidéal di.[1] Ceapadh í mar Amhránaí Cónaitheach ag Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 2024.[2]

Infotaula de personaMairéad Ní Fhlatharta
Beathaisnéis
BreithBaile an tSléibhe Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge, Béarla agus Gaeilge na hAlban

Spotify: 1BYaQe9eUTcOsuzbpCOx6J iTunes: 685316447 Musicbrainz: 17a8e0ba-44b4-4ee3-b5cd-c8f7f3d6f4d2 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá Mairéad ag gabháil don amhránaíocht ó thosaigh sí ag freastal ar ranganna sean-nóis sa Ghaelacadamh agus í seacht mbliana d’aois. I measc na múinteoirí a roinn a gcuid eolais léi go flaithiúil, bhí Pat Phádraic Tom Ó Conghaile agus Peatsaí Ó Ceannabháin nach maireann. Chomh maith leis an oiliúint a fuair sí uathusan, tá anáil Sheosaimh Uí Éanaí agus Dharach Uí Chatháin le clos i nguth Mhairéide agus í ag amhrán. Ina dteannta san, luann sí féin an rian a d’fhág Dara Bán agus Caitlín Maude uirthi as a hóige.

Ag cur síos dó ar chumas amhránaíochta Mhairéide, luann Éamon Ó Donnchadha binneas a glóir agus an tslí gur féidir léi ceol ársa na filíochta a thabhairt léi is í ag canadh. Leis sin, a deir sé, ‘Tá an aois agus an ársacht a bhaineann le seanamhráin, tá an chroíúlacht agus an óige a bhaineann leis na hamhráin nua le brath ar rogha amhrán Mhairéad.”

Deir Mairéad féin go mbíonn sí ‘faoi dhraíocht ag na hamhráin sean-nóis, idir fhoinn agus fhocail’ agus í ag canadh. ‘Is fada liom’, ar sise, ‘go mbeidh deis agam saibhreas filíochta na nGael, chomh maith leis an ghrá agus na téamaí éagsúla eile as amhráin na ndaoine a roinnt go fial le linn mo sheal mar amhránaí cónaitheach ag Ollscoil na Gaillimhe’.

Agus an ceapachán mar Amhránaí Cónaitheach á fhógairt aici, dúirt an Dr Méabh Ní Fhuartháin go raibh foireann Ionad Léann na hÉireann thar a bheith sásta go mbeadh Mairéad Ní Fhlatharta ag obair ina dteannta. ‘Is gné fíorthábhachtach den obair atá ar siúl againn anso’, a dúirt sí, ‘an nasc beo atá againn leis an traidisiún amhránaíochta agus gnéithe eile den gcultúr dúchais béil i nGaeltacht Chonamara. Bhí sé de phribhléid againn cuid de na hamhránaithe ba chumasaí ar fad a bheith ag obair láimh ar láimh linn ó bunaíodh an scéim seo 20 bliain ó shin agus níl aon amhras orm ná go gcuirfidh Mairéad Ní Fhlathartha leis an oidhreacht shaibhir sin.’

Beidh sraith ceardlann á múineadh ag Máiréad san Ollscoil mar chuid den Chónaitheacht.

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad Léann na hÉireannaigh, Ollscoil na Gaillimhe, a mhaoinigh an tionscnamh seo.

Féach freisin

cuir in eagar