Mais-speictriméadar
I mais-speictriméadar, bristear móilíní ina mbloghanna go dtí maiseanna éagsúla.Is ionstraim an-tábhachtach anailíse í chun comhdhéanaimh adamhacha agus iseatópacha a aimsiú.<ref name="FreamhanEolais">Hussey, Matt (2011). "Mais-speictriméadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 434.</ref Deighealtar na móilíní agus taifeadtar na méideanna coibhneasta, rud a thugann mais-speictream an mhóilín. Bíonn mais-speictream éagsúil ag móilíní éagsúla. Is féidir, dá bhrí sin, mais-speictriméadracht a úsáid chun anailís a dhéanamh ar ábhair amhail gáis ó ionad dumpála dramhaíola agus chun truailleáin orgánacha a rianú in uisce. Cheap an t-eolaí Briotanach Francis Aston (1877-1945) é i 1919.
Tagairtí
cuir in eagarTá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |