Réimse san aigéan nach féidir le héisc, ribí róibéis, portáin nó péisteanna maireachtáil ann. Tá marbhchrios mór le rá i Murascaill Mheicsiceo, na mílte ciliméadar cearnach, ag fás ó rinneadh tomhas air timpeall 2000. Tá fuilligh na n-ainmhithe nár éirigh leo éalú scaipthe ar ghrinneall na farraige ann. Ní bhaineann an feiniméan seo leis an doirteadh ollmhór ola sa Mhurascaill i 2010, ach is féidir go gcuirfidh an doirteadh sin leis. Is amhlaidh nach bhfuil dóthain ocsaigine san uisce mar thoradh ar thruaillithe, i bhfoirm farasbarr cothaitheach, a iompraíodh isteach ann ag abhainn Mississippi. Meastar gur chuir ró-iascaireacht leis an bhfadhb freisin. Ní beag an fhadhb í seo: tógtar gabháil iasc is iasc sliogach ar luach $26 billiún as an Murascaill gach bliain, agus tá an iascaireacht sin i mbaol. Sampla cinniúnach de thruailliú an chomhshaoil ag daoine is ea é, agus is mar an gcéanna sa bhfarraige gar do bhéil aibhneacha móra is beaga ar fud an Domhain.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Marbhchrios". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 438.