Ionadach ime, nach bhfuil aon saill déiríochta ann, a dhéantar de ghnáth as olaí glasraí is bainne bearrtha, agus vitimíní A is D curtha leis. Sna 1860idí d'eiseatocsainigh an ceimicíFrancach Hippolyte Mège-Mouriès (1817-1880) codán as saill mairteola ag 30-40 °C ar thug sé oléo-margarine air. Baineadh feidhm as seo in ionad ime go dtí 1903, ach ansin tosaíodh ar phróiseas cruachana olaí glasraí trí hidriginiúchán. Ó shin tá an-chuid forbairtí déanta ar ionadaigh ime, ach fós is ar olaí glasraí nó olaí muirí hidriginithe is mó a bhíonn siad bunaithe. Cinneann céim hidriginithe na bunola cé mhéid de na bunpholaineamhsháitheáin a fhágtar sa mhargairín.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoin bhia é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.