Maria Montessori

lia agus oideolaí Iodálach

Lia agus oideolaí Iodálach ab ea Maria Tecla Artemisia Montessori (31 Lúnasa 18706 Bealtaine 1952). Aithnítear í as an modh múinteoireachta atá ainmnithe ina diaidh, mar atá oideolaíocht Montessori.

Maria Montessori
Maria Montessori (portrait).jpg
príomhoide

Saol
Eolas breitheChiaravalle, 31 Lúnasa 1870
NáisiúntachtIodáil
Ríocht na hIodáile
BásNoordwijk, 6 Bealtaine 1952
Muintir
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Páistí
liosta iomláin
Oideachas
Alma materOllscoil Sapienza na Róimhe
Leibhéal oideachaisDochtúir Eolaíochtaí
TeangachaAn Iodáilis
an Fhraincis
Mic léinnHelma Trass
Gairm
Gairmsíceolaí, fealsamh, cumadóir, dochtúir leighis, oideolaí, síciatraí, léachtóir, matamaiticeoir, múinteoir agus scríbhneoir
Áit oibreAn Róimh
FostóiríOllscoil Sapienza na Róimhe
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
BallraíochtAssociazione per la donna (en) Aistrigh
Uirlis cheoilpianó
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Chaitliceach Rómhánach

BeathaisnéisCuir in Eagar

Rugadh Maria Montessori sa bhliain 1870 in Chiaravalle, cóngarach do Ancona san Iodáil. Den mheánaicme ab ea a tuismitheoirí. Cuntasóir ab ea a hathair. Riail ghéar a bhí i bhfeidhm sa teach agus í ag fás aníos cé go raibh gaol gairid idir ise agus a máthair, a ghéill dá neamhspleáchas. Sa bhliain 1875, thug a tuismitheoirí aghaidh ar an Róimh. Múinteoir an tslí bheatha a bhí ar intinn acu dá n-iníon.

Faoin mbliain 1884, bhí suim láidir á taispeáint ag Maria sa mhatamaitic agus sa chócaireacht, rud nár thaitin lena hathair. Ar scoil di rinne sí staidéar ar an mbitheolaíocht agus rinne sí suas a hintinn dul leis an míochaine. Sa bhliain 1890, thosaigh sí ag déanamh staidéir ar an eolaíocht nádúrtha ag an ollscoil. Bronnadh céim uirthi i 1892. I ndiaidh roinnt deacrachtaí a shárú d'éirigh léi ní hamháin áit a bhaint amach i scoil leighis (teoranta de ghnáth do na fir) ach scoláireacht chomh maith. Cuireadh sin le míshástacht a hathair, nár chuir aon tsuim i rud ar bith a rinne sí as sin amach. D'éirigh roinnt daoine i measc a muintire agus san ollscoil araon naimhdeach ina leith.

Sa bhliain 1896, in aois a 26 bliana, d'éirigh le Maria Montessori a dintiúirí mar dhochtúir leighis a bhaint amach. Bhí sí ar na chéad bhandochtúirí san Iodáil. D'oibrigh sí ar feadh dhá bhliain ina dhiaidh sin i gclinic síciatrach na holscoile agus i gclinicí sa Róimh. Rinne sí staidéar ansin ar iompar páistí "mallintinneacha".

Sa bhliain 1900, shocraigh Montessori ar dul leis an múinteoireacht.

 
An chéad scoil Montessori, sa Háig, 1915


TagairtíCuir in Eagar


Naisc sheachtrachaCuir in Eagar