Marina Carr

drámadóir Éireannach

Drámadóir Éireannach is ea Marina Carr (rugadh 17 Samhain 1964) i gContae Uíbh Fhailí.

Infotaula de personaMarina Carr
Beathaisnéis
Breith17 Samhain 1964
59 bliana d'aois
Contae Uíbh Fhailí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheContae Uíbh Fhailí
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir ollscoile, drámadóir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Villanova Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas
By The Bog of Cats, Wyndhams Theatre, Charing Cross, Londain

D'fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, sular ghlac sí le postanna mar scríbhneoir cónaithe in Amharclann na Mainistreach agus i gColáiste na Tríonóide. Chaith sí an bhliain 2003 mar an tOllamh Heimbold in Ollscoil Villanova sna Stáit Aontaithe.

Tá greann dubh agus brúidiúlacht ag baint lena saothar agus tá a cuid saothair is déanaí préamhaithe san miotaseolaíocht chlasaiceach Ghréagach.

I dtosach, bhain sí triail as neart stíleanna éagsúla agus í ag lorg a stíl áirithe féin. Luaite leis an tréimhse seo, tá Low in the Dark (1989), The Deer Surrender (1990), This Love Thing (1991) agus Ullaloo (1991).

Bhain a céad dráma eile The Mai (1994), an duais don Dráma Nua ab Fhearr san Dublin Theatre Festival. Déantar tagairt don fhírinne, oidhreacht agus an chinniúint sa dráma seo a chruthaíonn an nasc leis an drámaíocht Ghréagach. Tá na fíricí céanna le sonrú ina cuid oibre eile, cuid de bhunaithe ar drámaí áirithe ón aois Ghréagach clasaiceach. I measc a saothar eile tá Portia Coughlan(1996), By the Bog of Cats... (1998), On Raftery's Hill (2000); Ariel (2002) agus Woman and Scarecrow (2006).

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar