Mary Mulvihill

eolaí, láithreoir teilifíse, láithreoir raidió, údar agus oideachasóir Éıreannach

B'eolaí, láithreoir teilifíse, láithreoir raidió, údar agus oideachasóir Éıreannach í Mary Mulvihill (1 Meán Fómhair 1959 – 11 Meitheamh 2015). Bhunaigh sí, agus bhí sí mar an chéad chathaoirleach de, Women in Technology and Science (WITS), agus creidtear gur ceannródaí í sa réimse cumarsáid eolaíochta in Éirinn. Bhí sí le feiceáil i liosta Silicon Republic '100 Top Women in STEM'.[1]

Infotaula de personaMary Mulvihill

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Mary Lou Mulvihill
1 Meán Fómhair 1959
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Meitheamh 2015
55 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, láithreoir teilifíse, pearsa raidió, craoltóir, cumarsáidí eolaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Saol a hóige cuir in eagar

Rinne Mulvihill staidéar i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit a raibh sí tofa mar Scoláire i 1979, agus a bhain sí céim géineolaíochta amach i 1981. I ndiaidh sin, thuil sí céim mháistreachta i staitisticí i 1982 i gColáiste na Tríonóide. Go dtí 1987, d'oibrigh sí mar Oifigeach Taighde le haghaidh An Foras Taluntais (Teagasc an t-ainm atá air anois). D'fhreastail sí ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin chun staidéar a dhéanamh ar iriseoireacht, agus bhain sí amach dioplóma i 1988.

Gairm cuir in eagar

D'oibrigh Mulvihill go príomha mar saoroibrí féinfhostaithe, mar scríbhneoir, mar chraoltóir, agus ag forbairt na hacmhainne ar líne ag Ingenious Ireland agus na turais siúlóide acu.[2] Bhí sí ar Chomhairle Bitheitice na hÉireann, agus mar chomhalta comhairle den Industrial Heritage Association of Ireland.[3]

Craolacháin cuir in eagar

Bhí Mulvihill mar an gcruthaitheoir agus óstach ar roinnt sraith eolaíochta do RTÉ Raidió 1 agus Lyric FM.[4] Bhunaigh sí dhá cheann de na sraith raidió ar bhailiúcháin Garraithe Náisiúnta na Lus, Washed, Pressed and Dried (2007),[5] agus ar Mhúsaem Stair an Dúlra, Chopped, Pickled, and Stuffed (2006).

Is de bharr a cuid oibre le craolacháin a fhorbair sí sraith turais siúlóide i mBaile Átha Cliath, bunaithe ar stair eolaíochta.[2][6] Bhí na turais seo ar fáil mar phodchraoltaí freisin. Cuirtear Dublin By Numbers ar ceann de na turais a fhorbair sí, le cabhair Institution of Engineers of Ireland, le béim ar na háiteanna i mBaile Átha Cliath a bhaineann leis an matamaitic. Taispeánann an suíomh idirlíon atá ceangailte leo an nasc idir áiteanna stairiúla agus STEM in Éirinn, chomh maith le suíomhanna tábhachtachta de réir éiceolaíochta agus seandálaíochta.[7] D'fhorbair Mulvihill turais fuaime den chineál céanna, i gcomhar le Matthew Jebb ar son Gharraithe Náisiúnta na Lus.

Mná i dTeicneolaíocht agus san Eolaíocht cuir in eagar

Bhí Mulvihill i bhfách go mór leis an eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic (STEM), go háirithe ar stair agus beathaisnéisí mná atá páirteach i STEM.[2] Bhunaigh sí an grúpa Women in Technology and Science (WITS) i 1990, agus bhí sí mar chéad cathaoirleach an eagraíocht. Is grúpa abhcóideacht agus líonrú le haghaidh mná i STEM in Éirinn é WITS.[3] Ceann na n-acmhainní a soláthraíonn WITS ná clár de mhná na hÉireann i STEM a bhfuil suim acu freastal ar boird agus ar painéil gairmiúla nó comhdháil.[8]

In 2014, sheol sí an taispeántas SeaScience agus Exploration Zone ag Músaem Cathrach na Gaillimhe.[9]

Scríobhneoireacht cuir in eagar

Ba chomheagarthóir an iris Technology Ireland de chuid Enterprise Ireland í Mulvihill, a fhoilsítí gach dara mí. Bhí sí ina scríbhneoir rialta ar The Irish Times chomh maith. Scríobh sí roinnt leabhair, agus d'eagraigh sí dhá imleabhar ar beathaisnéisí stairiúla na mban i STEM ar son WITS. Le haghaidh a cuid leabhar, Ingenious Ireland: A County-by-County Exploration of Irish Mysteries and Marvels., fuair sí an gradam Irish National Science and Technology Journalist of the Year 2002-3, a rinne na breithiúna cur síos ar mar "a meticulously researched and hugely impressive book." Bhuaigh sí an gradam IBM Science Journalist of the Year leis an leabhar seo freisin.[10]

  • Mulvihill, M. (ed) (1997). Stars, Shells, & Bluebells: Women Scientists and Pioneers. Dublin: Women in Technology and Science (WITS).
  • Mulvihill. M. (2002). Ingenious Ireland: A County-by-County Exploration of Irish Mysteries and Marvels. Dublin: Town House.
  • Mulvihill, M. (ed) (2009). Lab Coats and Lace. Dublin: Women in Technology and Science (WITS).
  • Mulvihill, M. (2009). Drive Like a Woman, Shop Like a Man. Dublin: New Island Books.
  • Mulvihill, M. (2012). Ingenious Dublin. r-leabhar: Ingenious Ireland.

Ba bhlagálaí í Mulvihill chomh maith, agus bhí sí páirteach sa tionscnamh 'Women Invent' de chuid Silicon Republic ina chruthaigh sí liosta d'aireagóirí ban na hÉireann is fearr agus spreagadh daoine óige chun vótáil ar an gceann is fearr leo.

Saol pearsanta cuir in eagar

Bhí Mulvihill pósta leis an bhfisiceoir teoiriciúil Albanach Brian Dolan ó Ollscoil Mhaigh Nuad. Fuair sí bás ar 11 Meitheamh 2015, nuair a bhí sí 55 bliain d'aois. Rinne WITS ceiliúradh 25 Bliain ar an 3 Samhain 2015 le léacht i gcuimhne di agus le léacht eile in onóir di ag Scoil Samhraidh Robert Boyle 2005 i Lios Mór, Contae Phort Láirge.

I 2016 bhunaigh teaghlach agus cairde Mary Mulvihill an 'Mary Mulvihill Memorial Award' chun comóradh a dhéanamh ar a cuid oibre le hiriseoireacht eolaíochta agus le cumarsáide eolaíochta. Beidh an gradam bronnaithe ag mac léinn in institiúid ardoideachais in Éirinn a léiríonn an 'fiosracht, cruthaitheacht agus  samhlaíocht scéalaíochta' is fearr[11]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ann O’Dea (2015-06-12). "Science pioneer, and a friend, Mary Mulvihill RIP" (en-GB). Silicon Republic. Dáta rochtana: 2018-09-10.
  2. 2.0 2.1 2.2 Colm Mulcahy (2015-06-23). "Ingenious Mary: Innovative Irish Science Journalist Leaves a Formidable STEM Legacy" (en-US). Huffington Post. Dáta rochtana: 2018-09-10.
  3. 3.0 3.1 "More about Mary | Ingenious Ireland" (en-US). ingeniousireland.ie. Dáta rochtana: 2018-09-10.
  4. "Pioneering science journalist Mary Mulvihill dies aged 55 - Independent.ie" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2018-09-10.
  5. Jebb, Matthew (2012). "Dreaming of sheep-eating plants". Botanic Gardens Conservation International 9 (1). Dáta rochtana: 9 August 2015.  Curtha i gcartlann 2016-03-04 ar an Wayback Machine
  6. "Six Super Dublin Walking Tours by Locals, For Locals" (en). Dáta rochtana: 2018-09-19.
  7. "Offaly Independent - Birr telescope named one of Ireland's seven wonders" (en). Offaly Independent. Dáta rochtana: 2018-09-19.
  8. "Farewell Mary Mulvihill, great champion of Irish science" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2018-09-19.
  9. "SeaScience comes to Galway City Museum" (en). www.nuigalway.ie. Dáta rochtana: 2018-09-19.
  10. Susan Daly. "7 Dublin curiosities that tell of capital's inventive past" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2018-09-19.
  11. Mary Mulvihill science journalism award now open for entries by Gordon Hunt, Siliconrepublic.com, 2 November 2016