Matt Damon
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is aisteoir agus scríbhneoir Meiriceánach é Matthew Paige Damon, a rugadh ar an 8 Deireadh Fómhair 1970 i gCambridge, Massachusetts. Tá Gradaim an Acadaimh buaite aige i gcomhair a scríbhneoireacht sa scannán Good Will Hunting. B'é Mystic Pizza (1988) an chéad scannán mór ina raibh sé, ach ní raibh ach líne amháin aige. Tháinig clú mór ar Matt leis na scannáin Geronimo: An American Legend agus Good Will Hunting chomh maith leis na sraith Bourne agus Ocean's. Tá Damon pósta le Luciana Bozan Barroso agus tá beirt chailín acu.
Tús a shaoil
cuir in eagarRugadh Matt Damon i gCambridge, Massachusetts. Tá deartháir aige, Kyle, atá ina ealaíontóir.[1] Bhí seisean agus a theaghlach ina gcónaí i Newton ach, tar éis colscaradh a thuismitheoirí, bhog sé agus a dheartháir go dtí Cambridge lena máthair. D'éirigh sé aníos le Ben Affleck in aice láimhe, cara dílis dó agus comhoibrí ar chúpla scannáin.[2]
D'fhreastail Damon ar Ollscoil Harvard sna blianta 1988 go 1992 ag déanamh staidéir ar an mBéarla. Ghlac sé páirt sa drámaíocht mic léinn, ag taispeáint i ndrámaí cosúil le Burn This in Winthrop House agus A... My Name is Alice. Níor chríochnaigh sé an clár, áfach, mar shocraigh sé chun a shlí bheatha a bhaint amach mar aisteoir.
Slí bheatha
cuir in eagarAn tús
cuir in eagarA chéad páirt sa scannán ná páirt le líne amháin sa Mystic Pizza sa bhliain 1988. I rith a oideachais i Harvard, fuair sé páirteanna bheaga sa scannáin cosúil le School Ties. Sa bhliain 1992, áfach, fuair sé páirt mhór sa scannáin Geronimo: An American Legend le Gene Hackman agus Jason Patric. Níos déanaí, bhí air 40 punt a chailleadh laistigh de roinnt seachtainí chun páirt mar saighdiúir atá gafa le óipiam sa scannán Courage Under Fire. [3]
I rith na 90í, scríobh Damon agus Affleck script agus, tar éis cúpla athruithe, d'éirigh an script ina scannáin, Good Will Hunting (1997). Bhain siad cáil amach mar gheall air, fuair an scannán naoi ainmniúchán Gradaim an Acadaimh agus bhuaigh an bheirt Oscair don Bunscript Scannáinn is Fearr. Bhuail Steven Spielberg le Damon, agus é ag scannánú Good Will Hunting, agus thug sé an príomhpháirt dó sa scannán an Dara Cogaidh Domhanda, Saving Private Ryan (1998).
Hollywood
cuir in eagarBhain Matt Damon cáil amach as a bhua aisteoireacht. D'éirigh leis páirteanna difriúla a imirt go han-mhaith, mar an frithlaoch Tom Ripley sa The Talented Mr. Ripley (1999) agus mar Loki, iar-aingeal báis atá dibeartha ó na bhFlaithis leis a chara Bartelby, léirithe le Affleck, sa Dogma (1999).
Scannáin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-07-24. Dáta rochtana: 2010-08-25.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-09-21. Dáta rochtana: 2010-08-25.
- ↑ http://www.stuff.co.nz/entertainment/celebrities/5769497/Diet-could-have-killed-me-Damon
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Matt Damon ar an IMDb
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |