Maximiliano Gastón López

imreoir sacair Airgintíneach

Is imreoir sacair é Maximiliano Gastón López (a rugadh 3 Aibreán 1984 Buenos Aires, an Airgintín). Imríonn sé mar thosaí.

Maxi Lopez.

Chuir sé tús lena shaol imeartha gairmiúil le Club Atlético River Plate ina thír dhúchais (2001–2005). Chuaigh sé go F.C. Barcelona ina dhiaidh sin (2005–2007); thug Barcelona ar iasacht go Mallorca é sa bhliain 2007. Chaith sé seal le Moscow agus roinnt clubanna Iodálacha. Tá sé ag imirt le Udense san Iodáil ó 2017 i leith.

Is de shinsearacht Iodálach é agus tá saoránacht Iodálach agus Airgintíneach aige. Tá dhá leasainm tugtha air, mar atá "el Rubio" (an duine fionn) agus "la Gallina de Oro" (an chearc órga).



Soccerball.svg
Flag of Argentina.svg Déileálann an síol seo le imreoirí sacair na hAirgintíne. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.