Melina Mercouri
Ban-aisteoir, amhránaí agus polaiteoir Gréagach ab ea Melina Mercouri , a rugadh mar Maria Amalia Mercouri (Gréigis: Μαρία Αμαλία Μερκούρη); 18 Deireadh Fómhair 1920 – 6 Márta 1994). Aithnítear í as a rólanna i scannáin mar Never on Sunday (1960), Phaedra, Topkapi agus Promise at Dawn. Sa scannán úd d'imir sí páirt os comhair Jules Dassin. Phós Mercouri agus Dassin sa bhliain 1966, pósadh a mhair go lá a báis sa bhliain 1994. Sa bhliain 1981 ceapadh Mercouri mar Aire Chultúr na Gréige sa rialtas.
Rugadh Melina Mercouri san Aithin. Fuair sí bás le hailse na scamhóg i gCathair Nua-Eabhrac.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |