Melvil Dewey
Rugadh Melville Louis Kossuth (Melvil) Dewey in Adams Center, Jefferson County, Nua-Eabhrac. D'fhreastail sé ar Amherst College, áit a raibh sé ina bhall de Delta Capa Eipsealón (craobh Sigme). Bhain sé bunchéim amach sa bhliain 1874 agus fuair sé a mháistreacht ó Amherst sa bhliain 1877.
Melvil Dewey | |
![]() | |
Dáta breithe | 10 Nollaig 1851 |
Adams Center, Nua-Eabhrac | |
Dáta báis | 26 Nollaig 1931 |
Lake Placid, Florida, SAM | |
Náisiúntacht | Meiriceánach |
Réimsí | Eolaíocht leabharlainne |
Iomráiteach do | Aicmiúchán deachúil Dewey |
Síniú![]() |
Bhí Dewey ina leabharlannaí cúnta ag Amherst ó 1874 go dtí 1876. Sa bhliain 1876, d'fhág sé Amherst agus ar aghaidh leis go Bostún. Sa tréimhse 1883-1888 ba phríomhleabharlannaí é ag Ollscoil Columbia, agus ó 1888-1906 bhí sé ina stiúrthóir ar Leabharlann Stáit Nua-Eabhrac (New York State Library).
Sa bhliain 1895, bhunaigh Dewey agus a bhean Annie an Lake Placid Club ag Lake Placid i dtuaisceart stát Nua-Eabhrac. Bhí sé féin agus a mhac Godfrey gníomhach i socrú Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh, agus bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste Oilimpeach an Gheimhridh Stáit Nua-Eabhraic. Sa bhliain 1926, chuaigh sé go Florida agus bhunaigh sé craobh an deiscirt den Lake Placid Club ansin. Fuair sé bás ag Lake Placid, Florida.[1]
Bhí Dewey ina bhall de 'Halla na Laochra' de chuid Chumann Leabharlann Mheiriceá (American Library Association).