Michel Houllebecq
Úrscéalaí agus file Francach is ea Michel Houellebecq (1956). Bronnadh Duais Goncourt - an gradam litríochta is airde sa Fhrainc - in 2010 ar a úrscéal La Carte et le Territoire (An Léarscáil agus an Ceantar). Chaith sé seal ina chónaí in Éirinn.
A saol
cuir in eagarRugadh é, leis an ainm Michel Thomas, an 26 Feabhra 1956 in La Réunion, oileán Francach san aigéan Indiach. Deir sé ar a shuíomh gréasáin gur chaill a thuismitheoirí aon suim a bhí acu ann go luath ina shaol; d'imigh a mháthair lena leannán go común hipithe sa Bhrasaíl [1]. Agus é cúig mhí d'aois, cuireadh chuig a sheanmháthair ar thaobh a mháthar san Ailgéir é, áit ar fhan sé go dtí go raibh sé bliana d'aois, nuair a seoladh chuig a sheanmháthair ar thaobh a athar sa Fhrainc é. D'fhreastail sé ar Lycée Henri Moisson, meánscoil chónaithe, in Meaux, agus ansin bhain sé céim amach san agranamaíocht. I ndiaidh colscartha agus dúlagair, thosaigh sé ag scríobh filíochta, agus foilsíodh a chéad úrscéal i 1994. In 2004, bhog sé go hÉirinn ar chúiseanna a bhain le cáin, agus chuir sé faoi i Sionainn. In 2010, d'fhill sé ar Pháras, agus an chúis a thug sé ná go raibh fonn air a theanga féin a labhairt ar bhonn laethúil.
A phríomhshaothair agus critic
cuir in eagarIs é príomhábhar a chuid saothar ná uaigneas spioradálta an Eorpaigh ar na saolta seo mar gheall ar an tomhaltachais, an chultúir chorparáidigh san ionad oibre, agus meath na sibhialtachta.
Is é an t-úrscéal Les Particules Élémentaires (Na Buncháithníní), a foilsíodh i 1998, an leabhar is mó cáil dá chuid. Bhuaigh an leabhar an duais litríochta, an "Prix Novembre", sa Fhrainc. D'aistrigh go roinnt teanga eile é, agus bhuaigh an leagan Béarla, Atomized le Frank Wynne, aistritheoir Éireannach, an Duais Liteartha Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath. Is scéal duairc é faoi bheirt leathdheartháireacha, nach bhfuil ach breacaithne acu ar a chéile, agus ina ndéantar cur síos grinn ar an easpa lúcháire agus an frustrachas ina saol ó lá go lá. In ainneoin an méid ratha a bhí ar an úrscéal, cáineadh go forleathan é mar gheall ar na cuntais bheoga, fiú phornagrafacha, a rinne an t-údar ar chaidreamh collaí.
In 2001, foilsíodh Plateforme, úrscéal conspóideach a raibh an turasóireacht ghnéis mar théama aige. Le linn agallaimh a rinne sé leis an iris Lire, tharraing sé achrann air féin nuair a mhaígh sé gurb é Ioslam "an reiligiún is áiféisí ar domhan" [2]. Shéan sé go láidir ina dhiaidh gurbh Ioslamafóibeach é, agus nach raibh ina chuid tuairimí ach dearcadh fríthreiligiúnach ginearálta. Ba é an scannal seo, a chuir leis an gcinneadh an Fhrainc a thréigean, agus bogadh go hÉirinn.
In 2010, d'fhoilsigh sé an t-úrscéal, La Carte et le Territoire. Is iad na téamaí a léirítear sa saothar seo, de réir an údair ná "dul in aois, an caidreamh idir an t-athair agus an mac, agus ionadaíocht na réaltachta trí na healaíona"[3]. Sa scéal seo, tá an t-údar féin ina charachtar, agus déantar cur síos ar dhúnmharú Michel Houellebecq i Sionainn, agus ar an mbungaló beag suarach a raibh sé ina chónaí ann.
Foilsíodh an t-úrscéal is déanaí dá chuid, Soumission (Géilleadh) in 2015. Samhlaítear san aoir pholaitiúil seo an Fhrainc sa bhliain 2022 agus an bua i dtoghchán na huachtaránachta ag páirtí polaitíochta Moslamach, atá ag cur chun cinn luachanna traidisiúnta agus patrarcacha, agus é sin le tacaíocht ó pháirtí na Sóisialaithe. De thaisme adhfhuafar, seoladh an leabhar ar an 7 Eanáir, an lá céanna a rinneadh na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar oifigí Charlie Hebdo[4] .