Micrea-dhomhantarraingt
Is éard is micrea-dhomhantarraingt[1] ann ná staid saorthitime gan mheáchan a fhaightear i spásárthaigh. I bhfithis timpeall an Domhain, cothromaíonn an luasghéarú lártheifeach de bharr an fhithisithe chiorclaigh an luasghéarú de bharr domhantarraingthe. Is féidir an staid seo a shamhlú mar seo freisin: go bhfuil réad atá i bhfithis chiorclach timpeall an Domhain á luasghéarú i dtreo lár an Domhain an t-am ar fad, ach go mbíonn dromchla an Domhain á luasghéarú sa treo urchomhaireach ag an am céanna. Le fírinne, de bharr imtharraingt an spásárthaigh féin is luasghéaruithe a dhéanann córas rialaithe seasaimh an spásárthaigh ó am go chéile, ní chothromaíonn na príomhluasghéaruithe a chéile an t-am ar fad, agus is deacair micreadhomhantarraingt níos lú ná an milliúnú cuid den domhantarraingt a fháil i gcomhair tástála. Mar sin, is beag seans turgnaimh faoi mhicreadhomhantarraingt a dhéanamh sna stáisiúin bheaga spáis atá ar fáil.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““micrea-dhomhantarraingt” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-10-21.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Micreadhomhantarraingt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 454.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |