I Miotaseolaíocht na nGael, ba é MidhirMír[1] (Sean-Ghaeilge: Midir) mac Daghdha na dTuath Dé Danann. Agus na Tuatha Dé Danann cloíte ag Clann Mhíle, chuaigh sé chun cónaí i n-aos sidhe Bhrí Léith (a chreidtear gur Cnoc Ardaigh, Contae an Longfoirt, é). Sa chéad Athleagan de Leabhar Gabhála na hÉireann, ba é Midhir Bhrí Léith "mac Induín mac Échtach mac Etarlam".[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarMidhir
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
CéileFuamnach Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDaghdha Cuir in eagar ar Wikidata

Sanasaíocht cuir in eagar

B'fhéidir go bhfuil an t-ainm Midhir fréamhaithe ón bhfocal Sean-Ghaeilge midithir, le ciall "breitheamh".[3][4]

Tochmarc Étaíne cuir in eagar

Is príomhphearsa é Midhir sa seanscéal Tochmharc Éadaoine, a léimeann trí na tréimhsí, ó ré na dTúath Dé Danann go ré Ard-Rí na hÉireann, Eochaidh Aireamh.

Ba í Fuamnach bean chéile Mhidhire, ach thit sé i ngrá le hÉadaoin, agus le cabhair ón a mhac altrama agus leasdeartháir, Aonghas, rinneadh a bhean chéile nua di. Spreagadh fonn díoltais i bhFuamach uirthi, ag cur líon mór náire uirthi. I ndeireadh na dála, i riocht snáthaide móire, thit Éadaoin i ndeoch mná, agus athrugadh í. Phós sí an t-ardrí, Eochaidh Aireamh.

Níor ghéill Midhir, ach a mhalairt. Rinne sé iarracht a bhean chéile a thrabhairt abhaile leis. Thug sé dúshlán don rí, ficheall a imirt. Bhuaigh Eochaidh gach cluiche ach an ceann deireanach. Bhuaigh Midhir agus d'éiligh mar dhuais póg ó Éadaoin. Sheas Eochaidh lena fhocal agus lig sé do Mhidhir an póg, ach d'iompraigh Midhir é féin agus Éadaoin ina riocht ealaí agus d'eitil amach tríd an simléar. Shocraigh Eochaidh a bhean a tharrtháil agus chuaigh sé ar a dtóir. Midhir turned fifty women i riocht Éadaoine, agus lig sé don rí ach rogha amháin. D'imigh drochrath ar Eochaid agus roghnaigh sé a iníon féin, agus chaill Éadaoin.

I scéalta eile cuir in eagar

Sa scéilín Aigidecht Aitherni ("Aíocht Athirne"), insítear gur tháinig Athirne go Brí Léith, ag troscadh i gcoinne Midhire, chun a bheireadh a thrí ghrús a sheasadh ag a dhoras agus dhiúltaíodh cead isteach do chách á iarradh. Ina theannta sin: "Any of the men of Ireland who saw them could not face equal combat on that day."[5]

Sa scéal Tochmharc Treablainne, chuir Midhir isteach ar Fhraoch agus é ag iarraidh bheith ag suirí le Treabhlann.

Deirtear gurbh é Midhir athair duine de chlann Macha, chomh matt le Bri Bruachbrecc.[6]. Sa Dinnseanchas, deirtear gurbh athair altrama Aonghas é Midhir.[7]

Príomhfhoinsí cuir in eagar

  • Tochmarc Étaíne ("The Wooing of Étaín"), aistr. J. Gantz. Early Irish Myths and Sagas. Londain: Penguin Books, 1981. ISBN 0-14-044397-5.
  • Aigidecht Aitherni ("Aíocht Athirne"), eag. agus aistr. Rudolf Thurneysen, "Zu irischen Texten. I. Athirne von seiner Ungastlichkeit geheilt." ZCP 12 (1918): ll. 389-9
  • Aigidecht Aitherni, eag. agus aistr. Kuno Meyer, "The Guesting of Athirne." Ériu 7 (1914): ll. 1-9
  • Aigidecht Aitherni, eag. R. Thurneysen, "A third copy of the Guesting of Athirne." Ériu 7 (1914): ll. 196-9 (eagrán dioplómaitiúil)
  • Aigidecht Aitherni, aistr. John Carey, "Athairne's Greediness." In Celtic Heroic Age, eag. J.T. Koch agus J. Carey. 3ú eag. Aberystwyth, 2000.
  • Aigidecht Aitherni, MSS:
    1. LL, lch. 117a
    2. MS Harleian 5280, lch. 77 (alt 66)
    3. Acadamh Ríoga na hÉireann, 23 N 10, ll. 15–16.
  • Tochmarc Treblainne, eag. Kuno Meyer, "Tochmarc Treblainne." ZCP 13 (1921): ll. 166-75;
  • Tochmarc Treblainne, aistr. R. Jennings, "A translation of the Tochmarc Treblainne." Emania 16 (1997): ll. 73-8.
  • Uhlich, Jurgen. "Einige britannische Lehnnamen im Irischen: Brenainn (Brenden), Cathair/Cathaer und Midir." ZCP 49-50 (1997–98): 878-97.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Liam Mac Uistín (1979). "Mír agus Éadaoin". An Gúm. 
  2. Lebor Gabála Érenn §77
  3. Midithir ar In Dúil Bélrai - gluais Sean-Ghaeilge
  4. Midithir ar eDIL
  5. Aigidecht Aitherni, aistr. John Carey.
  6. Revue Celtique
  7. CELT