Mike Jackson
Iaroifigeach i reisimint pharaisiút Arm na Breataine ba ea an Ginearál Sir Michael David Jackson, GCB, CBE, DSO, DL (21 Márta 1944 – 15 Deireadh Fómhair 2024), nó Mike Jackson, Bhí Mike Jackson i láthair sléachta sa Tuaisceart le linn na dTrioblóidí. Níor tugadh Mike Jackson riamh os comhair cúirte faoin uafás.[1]
Sléacht Bhaile Uí Mhurchú
cuir in eagarLámhach agus mharaigh saighdiúirí ón reisimint pharaisiút deichniúr i mBaile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste idir 9-11 Lúnasa 1971, máthair ochtair agus sagart ina measc. Gortaíodh na dosaein eile. Captaen sa reisimint pharaisiút ab ea Mike Jackson ag an am, ar dualgas i mBaile Uí Mhurchú ag an am.[2]
San fhianaise a thug Jackson ag an gcoiste cróinéara, dúirt sé go mb'fhéidir gur thug sé le fios do nuachtóirí sna laethanta i ndiaidh an áir go raibh baill den IRA i measc na ndaoine a bhí lámhachta ag na saighdiúirí. Ach chinn cróinéir in 2020 go raibh an deichniúr "iomlán neamhchiontach", mar ba léir do chách ón tús.[3]
Domhnach na Fola 1972
cuir in eagarBhí Mike Jackson ar dualgas i nDoire nuair a lámhach agus a mharaigh saighdiúirí ón reisimint sin trí dhuine dhéag, ógánaigh a bhformhór. Lámhachadh agus gortaíodh na scórtha eile an lá sin chomh maith (agus fuair duine acu bás cúpla mí ina dhiaidh sin).
Labhair Jackson leis na paratrúipéirí a rinne an marú tar éis dóibh a ngunnaí a chur i leataobh agus mhaígh sé go raibh na saighdiúirí ag scaoileadh ar ais le baill den IRA a bhí ag scaoileadh leosan, scéal nach raibh fírinne dá laghad ann.[3]
Thug Jackson le fios in 2007 go ndúirt Frank Kitson gur chóra don Choirnéal Derek Wilford – an t-oifigeach a bhí i gceannas na saighdiúirí an lá sin – gur chóra dó "an obair a chríochnú".
Chinn Binse Fiosrúcháin Saviile in 2010 go raibh bréaga inste ag na saighdiúirí agus nach raibh aon duine de na mairbh armtha nuair a lámhachadh iad, mar ba léir don saol riamh.[3]
Gairm
cuir in eagarArdú céime i ndiaidh ardú céime a fuair Mike Jackson ó Dhomhnach na Fola i leith agus bhain sé buaic amach nuair a ceapadh é ina cheann foirne ar Arm na Breataine in 2003.[3] Ansin tharraing sé conspóid san Iaráic sna 2000idí, agus Cogadh na hIaráice faoi lánseol.
Foilsíodh a dhírbheathaisnéis, Soldier, in 2008.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Bloody Sunday families ‘regret’ that General Sir Mike Jackson ‘will not be held to account’" (en). The Irish News (2024-10-16). Dáta rochtana: 2024-10-16.
- ↑ Conor Macauley / RTÉ News (2024-10-16). "Bloody Sunday families 'will not grieve' Jackson's death" (as en).
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Nuacht RTÉ (2024-10-16). "Ginearál a bhí ar dualgas Domhnach na Fola tar éis bháis" (as ga-IE).