Gníomhaí cultúrtha Manannach, béaloideasóir, file, úrscéalaí agus iriseoir ab ea Mona Douglas MBE RBV (18 Meán Fómhair 1898 – 8 Deireadh Fómhair 1987). Aithnítear í mar cheann feadhna ar an bhfeachtasan taobh thiar d’athbheochan nua-aimseartha an chultúir Mhanannaigh agus aithnítear í mar an bhfile Manannach is mó tionchair den 20ú haois,[1] ach is fearr aithne uirthi as a saothar a bhi conspóideach go minic chun ceol tíre traidisiúnta agus damhsa an oileáin a chaomhnú agus a athbheochan. Bhí baint aici le líon mór tionscnamh chun suim agus gníomhaíocht i gcultúr Mhanann a athbheochan, lena n-áirítear cumainn, ranganna, foilseacháin agus grúpaí óige. Ar an gceann ba shuntasaí agus ba rathúla díobh seo bhí Yn Chruinnaght (Gaeilge na hÉireann: An Cruinniú)

Infotaula de personaMona Douglas

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith18 Meán Fómhair 1898
Woolton, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Deireadh Fómhair 1987
89 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Réimse oibreScríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta agus béaloideaseolaíocht
Gairmscríbhneoir, file, béaloideasóir, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus Gaeilge Mhanann
Síniú

Óige cuir in eagar

Rugadh Constance Mona Douglas (Connie) ar 18 Meán Fómhair 1898 ag 49 Allerton Road, Much Woolton, Lancashire (Merseyside anois).[2] Ba iníon í le tuismitheoirí Manannacha, Frank Beardman Douglas (1863-1943) agus Frances Mona (née Holmes - a rugadh i Londain, Ontario, Ceanada de thuismitheoirí Manannacha) (1873-1953).[3] D’fhág a tuismitheoirí Oileán Mhanann chun obair a fháil i Sasana, agus sa deireadh bhunaigh siad bácús agus milseogra i Birkenhead.[4]

 
Séipéal Lezayre

Mar gheall ar dhrochshláinte, cuireadh Douglas chun cónaí lena seantuismitheoirí ar thaobh a máthar, Ellen "Nell" Quayle agus Patrick "Pat" Holmes (liostaithe mar Thomas i nDaonáireamh 1901) nuair nach raibh siad ach cúpla mí d'aois.[4][5] Bheadh tionchar mór ag a seanmháthair uirthi trína heolas ar bhéaloideas, amhráin agus damhsa Mhanannaigh. Chaith sí a h-óige i gcóngar Creest ny h-Ayrey, agus ina dhiaidh sin i mBarragh i ngar do Laksaa,[6] áit a bhfuair sí tógáil an-shaoirse neamhfhoirmeálta: "I never went to school and I used to just go round Ballaragh with the farmers and down to Laxey and went out in the boats with the fishermen, and wandering about pretty well as I liked." [7]

Bhí an ceol mar chuid lárnach de thógáil Douglas, go háirithe trí na tráthnónta ceoil a bhí ar siúl i dteach a tuismitheoirí nuair a thug sí cuairt orthu. Bhí bua an cheoil acu beirt: sheinn a hathair an veidhlín agus an fheadóg mhór, agus sheinn a máthair an pianó agus chan sí; agus bhí siad araon ina mbaill de chumann córúil.[8] Tráthnóna Dé Domhnaigh, ó bhí Douglas sé bliana d’aois, chruinnigh roinnt daoine cultúrtha eile ón bpobal ag a dteach “ "for poetry readings, discussion and music".[8] Tríd seo fuair sí eolas ar "the great English and American poets" agus ar cheol Handel, Bach, Beethoven, Schubert, Liszt, Chopin, Puccini agus Verdi. Bhí roinnt ceolta Manannacha le cloisteáil freisin: [8]

"We knew little of folksong, but the Manx National Songs were often sung and played, and it was about this time, I think, that I first became conscious of my Manx nationality, and felt the first stirrings of that passionate love for the Island and all things Manx which has been with me ever since."

Fuair Douglas cóip de Grimms’ Fairy Tales in aois a ceathair, fuair sí ticéad leabharlainne poiblí in aois a cúig agus fuair sí a céad chnuasach filíochta in aois a seacht (Robert Louis Stevenson's A Child's Garden of Verses). Thosaigh sí ag scríobh filíochta ag an aois seo, ag rá níos déanaí "soon I began to spend my pennies on pencils and exercise-books instead of sweets and ice-cream." [7] Le linn na dtréimhsí saoire, thug Douglas cuairt ar a haintín agus a huncail i nDúglas. In aois a naoi mbliana d'aois, bhí a cuairt ar siúl fad a bhí an Eisteddfod 1908 ar siúl, agus chuir sí a dán, Douglas Bay, isteach sa chomórtas. Nuair a bhuaigh sí an chéad duais, tháinig sí ar aird Sophia Morrison, W. Walter Gill agus William Cubbon, ar chuir sí síos orthu ina dhiaidh sin mar “ "the strongest influences in determining the trend of my subsequent literary work. [...] I have no adequate words to express my grateful consciousness of the help and guidance given to me in my formative years by these three good friends." [8] Bhí Sophia Morrison freagrach as Douglas a chur i mbun an bhéaloidis,na n-amhrán, na gceolta agus na rincí a bhailiú: [7]

"[...] when she found the kind of life I was living she started me collecting, putting things down. She didn't call it collecting then. She said, 'You know, you ought to write down some of these things that people tell you and sing to you.' And she gave me a little notebook in which I started to write things down and I still have."

Thosaigh Douglas ag foilsiú a cuid filíochta faoin am seo freisin, ag cur dánta isteach agus go minic ag buachan comórtais i bhfoilseacháin ar nós The Girl’s Realm, Lady’s Pictorial, The Lady and The Gentlewoman.[4] Tháinig athrú stíle ar a cuid filíochta i 1908 nuair a d’aimsigh sí scríbhneoireacht WB Yeats, a mbeadh tionchar aige ar a cuid scríbhneoireachta ar feadh an chuid eile dá saol.[7]

Óige cuir in eagar

Faoi Bhealtaine 1915 bhí Douglas tar éis bogadh ar ais go dtí a tuismitheoirí i mBirkenhead.[9] As seo rinne sí staidéar i Scoil Ealaíne Learphoill ar feadh dhá bhliain agus ag an am céanna ghlac sí ceachtanna príobháideacha sa veidhlín, sa phianó, san amhránaíocht agus i dteoiric an cheoil ó dhaoine a raibh baint acu le Liverpool Philharmonic..[6] Le tús an Chéad Chogadh Domhanda, thosaigh sí ag obair i mbácús a tuismitheoirí in áit fear a chuaigh chun cogaidh.[5]

Agus í i Sasana, ag aois a sé bliana déag, d’fhoilsigh Douglas a céad chnuasach filíochta; Manx Song and Maiden Song, a foilsíodh faoi chló i Londain ag Erskine Macdonald i 1915.[10] Scríobhadh cuid den chnuasach seo de 26 dán nuair nach raibh sí ach ceithre bliana déag.[4] Seachas na dánta iomadúla a thaispeánann tírdhreach agus farraige Mhanann, bhí dán suntasach amháin dar teideal 'T. E. Brown: a memorial sonnet to the poet of Manxland.' D’athbhreithnigh P. W. Caine an bailiúchán, ag rá:: "This little book of lyrics is full of beauty and charm. The sound of the sea, the scent of gorse and the silence of the mountains pervade it." [11] Léiríonn a dán, ‘Two Twilights’, stíl a véarsaíochta agus an tuin mhisteach atá inti:

Over the wild waves comes the call of the great spaces;
White breakers leap from a plain of silver-grey—
Dreaming lies the world, but the reckless sea still moveth,
In the mystic hour of twilight, at the dawning of the day.

I 1916 ghlac Douglas le ceachtanna i nGaeilge Mhanann, agus í ag scríobh faoi dheireadh mhí na Samhna go bhfuil "I am still keeping up my efforts to learn [Manx] & go over to Kennish's nearly every week for a 'lesson'. It is slow work, but someday I hope to acquire a perfect mastery – at any rate that is my aim.[12] Bhain sí líofacht amach sa teanga, sa deireadh chun filíochta a mhúineadh agus a scríobh inti sna deich mbliana amach roimpi.

Foilsíodh an dara leabhar filíochta ag Douglas, Mychurachan, i 1917. Fuair an cnuasach seo de 40 dán a teideal ón Mhanainnis le haghaidh 'adhmad raice' nó 'muirchur' – mooirchooraghyn.[5] Mar aitheantas ar fhilíocht Douglas go dtí seo insealbhaíodh í mar Bhard den Tríú Céim in Ord na nGorsedd ag Eisteddfod Ríoga na Breataine Bige, agus tugadh ‘Mona Manaw’ ("Mona Mhanann") uirthi mar ainmbharda.[1]

 
Teideal na hirise, Mannin, deartha ag Archibald Knox

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 'Literature in English since 1900' by Martin Faragher, in A New History of the Isle of Man, Volume V: The Modern Period, 1830 – 1999, Liverpool: Liverpool University Press, 2000, p. 337
  2. 'Douglas, (Constance) Mona (1898-1987), folklorist' Curtha i gcartlann 2018-02-28 ar an Wayback Machine by Fenella Bazin in the Oxford Dictionary of National Biography (accessed 25 October 2013)
  3. 'Douglas, Constance Mona, MBE, RBV' by Fenella Bazin in New Manx Worthies, ed. Dollin Kelly, Douglas: Manx National Heritage, 2006, pp. 157 – 160
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 'Ellan Sheeant: Ireland and Mona Douglas' Mannin' by Breesha Maddrell, Béaloideas 75 (2007), pp. 24 – 47
  5. 5.0 5.1 5.2 'Of Demolition and Reconstruction: A Comparative Reading of Manx Cultural Revivals' Curtha i gcartlann 2018-04-10 ar an Wayback Machine by Breesha Maddrell, E-Keltoi: Journal of Interdisciplinary Celtic Studies 2 (2006) pp. 133 – 163
  6. 6.0 6.1 'Who is Mona Douglas?' (3) 'I was brought up first in Lezayre' ed. Stephen Miller, Manx Notes 117 (2010)
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 'Who is Mona Douglas?' (6) 'Beginnings (2)' ed. Stephen Miller, Manx Notes 120 (2010)
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 'Who is Mona Douglas?' (5) 'Beginnings' ed. Stephen Miller, Manx Notes 119 (2010)
  9. Listing as a donor in 'T.E. Brown Memorial' in Mannin No. 5, May 1915
  10. 'Who is Mona Douglas?' ed. Stephen Miller, Manx Notes 99 (2007)
  11. 'Notices of Books' by P. W. Caine, in Mannin No. 7, May 1916
  12. Letter to Sophia Morrison, 29 November 1916, quoted in 'Learning Manx (1915-16)' in "Restoring to Use Our Almost-Forgotten Dances": The Collection and Revival of Manx Folk Song and Dance by Mona Douglas, ed. Stephen Miller, Onchan: Chiollagh Books, 2004, p. 98