Morgan Jageurs

gníomhaí ar son dhúchas na hÉireann san Astráil

Saor leachtanna agus gníomhaí ar son dhúchas na hÉireann san Astráil ba ea Morgan Peter Jageurs (1862-1932). Bhí sé ar na daoine ba mhó a d’fhág a rian ar shaol na nGael-Astrálach lena linn.

Infotaula de personaMorgan Jageurs
Beathaisnéis
Breith1862
Tulach Mhór Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Aibreán 1932
69/70 bliana d'aois

Rugadh é i dTulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí (King’s County), an t-aon mhac amháin a bhí ag Peter Jageurs, saor leachtanna, agus Mary (Casey). Tháinig an teaghlach chun Queensland na hAstráile sa bhliain 1865, chun Sydney sa bhliain 1868 agus chun Melbourne dhá bhliain ina dhiaidh sin. Fuair Morgan a chuid scolaíochta ag Scoil Naomh Bríd in Fitzroy agus ag Coláiste na mBráithre Críostaí in Melbourne Thoir, scoil ar bhain sé an príomhdhuais amach le duine eile. Cuireadh é ina phrintíseach lena lán ceirdeanna agus sna blianta 1883-84 chuaigh sé ar Scoil Ealaíne an Ghailearaí Náisiúnta in Melbourne. Shiúil sé an Eoraip sula ndeachaigh sé i gcomhar lena athair in Jageurs & Son, dealbhadóirí leachtanna, ceannaithe marmair agus eibhir, i mBóthar Sydney, Parkville. Dhíol siad mórán earraí eaglaiseacha chomh maith. Ar 17 Feabhra 1892 phós sé Bridget Maria Bartley in Ardeaglais Naomh Pádraig, áit a raibh sé ina bhuachaill altóra tráth.

Bhí dúil mhór ag Jageurs sa Ghaeilge agus ina chuid litríochta, agus i gcluichí, in ealaín agus i gceol na hÉireann. Lena chois sin, bhí lámh aige ina lán cúiseanna Éireannacha. Sa bhliain 1881 rinneadh ball de choiste chraobh Victoria Chonradh na Talún de agus d’oibrigh sé go díograiseach mar rúnaí ann. Bhí sé dlúthpháirteach le Joseph Winter agus leis an Dochtúir Nioclás Ó Domhnaill i bhfeachtas Rialtas Dúchais na hÉireann. Bhí sé mór lena lán ceannairí Éireannacha – [Michael Davitt (feachtasóir)|[Mícheál Dáibhéad]] (arbh é athair baiste an mhic ba shine aige é), John Dillon agus na deartháireacha Mhic Réamainn. Bhí sé ar bhunaitheoirí an Chlub Cheiltigh in Melbourne agus d’áitigh sé ar na cumainn Cheilteacha dul i gcomhar le chéile.

B’fhíor-Chaitliceach é Jageurs a bhíodh ar a dhícheall ag obair ar son Chumainn na bhFear Óg Caitliceach. Ba é Uachtarán Chumann Naomh Pádraig é idir 1899 agus 1900. D’fhoilsigh sé a lán alt ar na páipéir Chaitliceacha agus ba thréan an conspóidí é. Le linn Chogadh na hAfraice Theas bhí sé ina bhall den Peace, Humanity and Arbitration Society of Victoria.

Ba mhór an crá croí dó Seachtain na Cásca agus ar lean í. Sa bhliain 1916 rinneadh Uachtarán Chonradh Aontaithe na hÉireann de mar chomharba Uí Dhomhnaill agus é ag cosaint Sheáin Mhic Réamainn agus an pháirtí bhunreachtúil ar Shinn Féin, ach ba shaothar in aisce é. Mar sin féin, rinneadh é a chúiseamh de réir an War Precautions Act as agóid a dhéanamh ar son cead cainte do bhaill Shinn Féin, as cúis an Ridire Ruairí Mac Easmainn a agairt agus as coireanna eile. Maraíodh an mac ba shine aige sa Chéad Chogadh Domhanda.

Bhí Jageurs an-sásta le conradh Éireannach na bliana 1922 ach faoin am sin bhí sé bréan de chúrsaí polaitíochta. Mar sin féin, chreid sé riamh i spioradáltacht mhuintir na hÉireann agus sa neamhshuim a bhí ag a bhformhór sa tsaint.

Fuair sé bás ar 28 Aibreán 1932 i mBrighton agus cuireadh é in Mór-Reilig Melbourne. D’fhág sé a bhean chéile, triúr iníon agus mac ina dhiaidh.

Tagairtí cuir in eagar

  • Smith, J. (eag.): Cyclopedia of Victoria, imleabhar 1 (Melbourne 1903)
  • Cleary, P. S.: Australia's Debt to Irish Nation-Builders (Sydney 1933)
  • Advocate, 5 Bealtaine 1932
  • Tribune (Melbourne), 5 Bealtaine 1932

Naisc cuir in eagar

Liosta stairiúil lucht Gaeilge san Astráil