Muimne, Luigne agus Laigne
I Miotaseolaíocht na nGael, chomh-Ard-Ríthe na hÉireann ba ea Muimhne, Luighne agus Laighne (Sean-Ghaeilge Muimne, Luigne agus Laigne), mic Éireamhóin agus a bhean chéile Odba. Tháinig siad i réim i gcomharbacht ar a n-athair. Bhí siad i gcoróin ar feadh trí bliana go dtí go bhfuair Muimhne bás den phlá ag Ráth Cruachan, agus maraíodh Luighne agus Laighne ag a gcol ceathracha Ér, Orba, Ferón agus Fergna, mic Éber Finn ag Chath Árd Ladrann. Ní raibh aon oidhrí orthu.
Achar ama
cuir in eagar- Lebor Gabála Érenn: an bhliain dheireanach de Mithraeus agus an chéad dá bhliain de Tautanes, ríthe na hAisiria (1192-1189 RC, de réir an Chronicon le Naomh Iaróm).[1]
- Foras Feasa ar Éirinn: 1272 - 1269 RC[2]
- Annála na gCeithre Máistrí: 1684 - 1681 RC.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland, Cuid V, Irish Texts Society, 1956, lch. 187-189
- ↑ Daithí Ó Coimín & Pádraig Ua Duinnín (eag. & aistr.), The History of Ireland by Geoffrey Keating, Irish Texts Society, 1902-1914, Leabhar 1, Alt 25
- ↑ Seán Ó Donnabháin (eag. & aistr.), Annala Rioghachta Éireann: Annals of the kingdom of Ireland by the Four Masters, Baile Átha Cliath, 1848-1851, Iml. 1, lch. 35
Réamhtheachtaí Érimón |
Ard-Rí na hÉireann LGE 1192–1189 RC FFE 1272–1269 BC ACM 1684–1681 RC |
Comharba Ér, Orba, Ferón agus Fergna |