Núicléónaic
Núicléónaic[1] a thugtar ar na teicneolaíochtaí go léir a bhaineann le himoibreoirí núicléacha is a n-oibriú. Cuimsíonn sí na modhanna sábháilte chun ábhair radaighníomhacha a ionramháil is a eagrú i bhfoirm inúsáidte don imoibreoir, aistriú an teasa do na coirí is na tuirbíní chun cumhacht leictreach a ghiniúint, dearadh is tógáil na n-aonad seo go léir i struchtúir a bheidh sábháilte sa ghnáthúsáid is i gcás mífheidhmithe. Tagann dearadh is úsáid na n-ionstraimí a dhéanann monatóireacht is a stiúrann an radaighníomhaíocht isteach sa scéal freisin, agus conas an dramhaíl radaighníomhach a ionramháil is a stóráil.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““núicléónaic” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-15.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Núicléónaic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 489.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |