Na Cnoic Arda

ionad daonra i gContae Cheatharlach

Is sráidbhaile é na Cnoic Arda[1] (nó Cnoc Ard uaireanta) (Béarla: Palatine), atá suite i dtuaisceart Chontae Cheatharlach i cúige Laighean, timpeall seacht gciliméadar lasmuigh de bhaile Cheatharlach, cuid de dheoise Chill Dara agus Leithghlinne. Is é an sráidbhaile is gaire ná Díseart Diarmada (Castledermot).

Bosca Geografaíocht PholaitiúilNa Cnoic Arda

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°52′08″N 6°51′36″W / 52.869°N 6.86°W / 52.869; -6.86
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1165823
Palatine / 'Cnoc Ard', County Carlow

Tá an sráidbhaile agus an ceantar máguaird i bparóiste Iorchuilinn.[2] Is iad Iorchuileann[3] (Urglin / Rutland), Baile na Coille[4] (Burton Hall), Binn an Choire[5] (Bennekerry agus uaireanta Beann na gCaorach) agus Cnoc an Bhrúnaigh (Browneshill)[6], na bailte fearainn máguaird. Tá thart ar trí céad duine ina gcónaí sa sráidbhaile féin agus ceithre chéad sna bailte in aice láimhe.[7][8]

Stair cuir in eagar

Tháinig na chéad Palaitínigh go dtí an sráidbhaile sa bhliain 1711.[9] Rinneadh géarleanúint reiligiúnach orthu ar an Mór-Roinn. Thaistil siad ansin chuig áiteanna ar fud an domhain, Sasana agus Éire go háirithe, agus na Stáit Aontaithe níos déanaí. Bhog thart ar 100 acu go Ceatharlach agus d’ainmnigh siad an sráidbhaile "Palatine".

Áiseanna sa sráidbhaile cuir in eagar

Tá réimse leathan áiseanna agus deiseanna áineasa sa sráidbhaile. Tá teach tábhairne ann ar a dtugtar ‘teach Palatine’. Bunaíodh é i 1797. Chomh maith leis seo tá siopa beag, ar a dtugtar “Pal stores”.

Maidir le caitheamh aimsire, tá páirc sacair ann, don fhoireann sacair áitiúil ar a dtugtar ‘Palatine Celtic’. Tá go leor clubanna agus sochaithe ann freisin. Mar shampla, tá club ‘bowls’ agus club damhsa do sheandaoine. Bíonn gníomhaíochtaí cosúil le ‘bowls’ ag siúl sa clubtheach CLG áitiúil.

Tá an daonra sa sráidbhaile ag méadú le blianta beaga anuas. Sa lá atá inniu ann, tá eastát tithíochta suite i lár an sráidbhaile. Bruach Na Cluana is ainm don eastát tithíochta. Tá fiche teach suite ann.

Bunscoil agus Séipéal Naomh Mhuire cuir in eagar

Is í Binn an Choire an bhunscoil áitiúil, suite in aice leis an séipéal Naomh Mhuire agus an pháirc peile CLG. Bunaíodh an scoil sa bhliain 1869, agus ag an am sin, ní raibh ach seomra amháin ann.[10] Sa lá atá inniu tá breis is 400 mac-léinn ag freastal ar an scoil agus dhá mhúinteoir is fiche ann. Rinne athchóiriú ar an fhoirgneamh sa bhliain 2012 le sé sheomra ranga déag agus halla spóirt nua.[11]

Tá séipéal Naomh Mhuire suite in aice leis an mbunscoil áitiúil. Tógadh é i 1860 ach úsáideadh sean bothán ó na 1700idí luatha roimhe seo.[12] Tá an t-ealaíontóir cáiliúil agus an fear áitiúil Frank O’ Meara, a fuair bás sa bhliain 1888, curtha anseo.

 
Geansaí Cnoc Arda

Garrán Duckett (Duckett's Grove) cuir in eagar

Is teach mór ón 17ú haois é Garrán Duckett[13][14] atá suite timpeall ciliméadar amháin ón sráidbhaile Cnoc Arda. Cuireadh tús leis sa bhliain 1745 agus críochnaíodh é i 1825. Ba le John Duckett an teach, fear saibhir ó Shasana. Tá sé suite ar shuíomh le breis is 4,500 heicteár agus le garraí daingean.

Faraor, scrios tine an teach sa bhliain 1933 agus níl aon duine ina chónaí ann ó shin. Feictear an damáiste inniu sa ‘Grove’ ach cuidíonn feighlithe an teach agus na gairdíní a choinneáil álainn sa lá atá ann inniu. Fuair Comhairle Contae Cheatharlach na cearta le haghaidh Ducketts Grove sa bhliain 2005. Fostaíonn siad triúr garraíodóir agus feighlithe lánaimseartha anois.[15]

Dolmain Chnoic an Bhrúnaigh cuir in eagar

Is tuama adhlactha meigiliteach é Dolmain Chnoic an Bhrúnaigh, a tógadh am éigin idir 3000 – 4000RC. Bhí sé seo roimh na chéad lonnaitheoirí i sráidbhaile Cnoc Arda. Tá an Dolmain suite 2cm ón sráidbhaile agus tá sé suite in aice leis an mbunscoil. Is í an chloch uaighe is troime sna hEoraip, a mheánn 100 tonna. Is séadchomhartha náisiúnta é. Faigheann sé níos mó ná mílte turasóir gach bliain.[16].Tá sé ar cheann de na phríomhshuíomhanna i gcontae Cheatharlach. Chomh maith le seo feictear an Dolmain ar éide scoile agus ar gheansaí an chlub freisin.   

Cumann Lúthchleas Gael - Palatine GAA cuir in eagar

Cnoc Ard nó Palatine CLG is ainm don chlub sa cheantar. Bunaíodh an club sa bhliain 1909. Is club peile agus iománaíochta é atá lonnaithe seacht gciliméadar taobh amuigh de bhaile Cheatharlach agus lonnaithe dhá chiliméadar taobh amuigh ‘Na Cnoic Arda’. Tá baill agus imreoirí ó na haoiseanna faoi 6 go dtí mionúir agus sinséar sa dá spórt. Chomh maith leis sin, tá foireann shóisearach sa dá spórt. Úsáidtear glas agus dearg mar dhathanna an chlub. Tá dearg mar phríomhdhath an chlub agus é ina húsáid le saghas glas mar atá le feiceáil sa phictiúr thíos.

Tá timpeall 600 ball sa chlub. Tá ionad aclaíochta, clubtheach agus teach tábhairne sa chlub.

Bhuaigh foirne sinsearacha seo a leanas: cuir in eagar

Peile

Sé chraobh peile sinsir Chontae Cheatharlach:  1919, 1920, 1952, 2006, 2015, 2016

Trí chraobh idirmheánach Chontae Cheatharlach: 1938, 1979, 1985

Cúig chraobh sóisear Chontae Ceatharlach: 1913, 1936, 1948, 1965, 2010

Iománaíocht

Craobh iománaíochta sinsir Chontae Ceatharlach : 1972

Craobh idirmheánach iománaíocht Chontae Ceatharlach : 1985

Cúig craobh sóisear iománaíocht Chontae Ceatharlach : 1965, 1970, 1983, 1990, 2001[17]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Na Cnoic Arda/Palatine | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
  2. "Iorchuileann/Urglin" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  3. "Iorchuileann/Rutland" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  4. "Baile na Coille/Burton Hall" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  5. "Binn an Choire/Bennekerry" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  6. "Cnoc an Bhrúnaigh/Browneshill" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  7. "PACE-KILBRIDE to PULSHASY index - Topographical Dictionary of Ireland (1837)". www.libraryireland.com. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  8. "Palatine Carlow". www.igp-web.com. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  9. "German Palatines" (as en) (2021-01-30). Wikipedia. 
  10. "Bennekerry, Carlow | Bailiúchán na Scol" (ga). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  11. "Bennekerry National School > Home". www.bennekerryns.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  12. "Palatine Carlow". sites.rootsweb.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-09. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  13. "Garrán Duckett/Duckett's Grove" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  14. Discover Ireland. "Garrán Duckett". www.discoverireland.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-05. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  15. "About DuckettsGrove.ie – DuckettsGrove.ie" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-02-01.
  16. "Brownshill Dolmen" (en-GB). Carlow Tourism (2012-03-09). Dáta rochtana: 2021-02-01.
  17. palatine.gaa.ie (2021). "CLG". www.palatine.gaa.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.