Frithionaid
(Athsheolta ó Na Fritíortha)
Is éard is frithionaid ann ná dhá ionad ar thaobhanna urchomhaireacha den Domhan ar féidir iad a cheangal le líne dhíreach trí lár an Domhain. Mar shampla, is frithionaid iad Baie de la Seine sa bhFrainc (49° 45′ thuaidh is 1° thiar) agus Oileán an Fhrithionaid sa Nua-Shéalainn (49° 42′ theas is 178° 50′ thoir). Úsáideann Eorpaigh an téarma na Fritíortha go neamhchruinn ag tagairt don Astraláise.[1][2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Frithionaid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 290.
- ↑ ““Fritíortha” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2022-10-05.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |