Nan Tom Teaimín
Is amhránaí ar an sean-nós agus moltóir le hOireachtas na Gaeilge í Nan Tom Teaimín (nó Nan Tom Taimín de Búrca). Buaiteoir ar Chorn Uí Riada, Corn na mBan faoi dhó ba í (1998 agus 2000) [1]. D’fhreastail sí ar a céad Oireachtas nuair a bhí sí ocht mbliana d’aois mar a dúirt Nan Tom Teaimín sa chlár seo ó TG4 ar YouTube. Is léir gur spreag an tOireachtas a suim sa sean-nós agus í ina cailín óg. Is moltóir le hOireachtas na Gaeilge le fada í[2].
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Conamara |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, múinteoir ceoil |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Teaghlach | |
Teaghlach | Teach de Búrca |
TG4
cuir in eagarThar na blianta, tháinig Nan Tom Teaimín ar mhórán cláir teilifíse mar aoi-amhránaí Tá Nan Tom Teaimín le feiceáil, mar shampla, sa tsraith TG4,
- Abair Amhrán [3]
- Amhráin is Ansa Liom'. Bhí Nan Tom Teaimín ina príomh-aoi ar 'Amhráin is Ansa Liom' le linn an dara sraith i 2010. Chas sí na hamhráin is ansa léi 'Amhràn Mhuínse', 'Amhrán an Stímear', agus ‘Bríd Thomáis Mhurchadha’.
Dioscliosta
cuir in eagarTraditional Songs from Connemara
cuir in eagarBa é an chéad dlúthdhiosca ó Nan Tom Teaimín. Dar le Cló Iar-Chonnachta, “is léir ón dlúthdhiosca seo go luíonn dúchas an cheoil agus na n-amhrán go domhain i Nan”.[4] Tá deich rianta in iomlán ar an albam seo, ocht n-amhrán ar an sean nós agus dhá bhailéad Béarla. (Tagairt: CICD 149)
- An Cailín Fearúil Fionn
- Caisleán Uí Néill
- Amhrán Mhaínse
- Na Páipéir á Saighneáil
- Róisín Dubh
- An Buachaillín Múinte
- The Lambs on the Green Hills
- Neainsín Bhán
- James Connolly
- An Abhainn Mhór
The Home I left behind
cuir in eagar- The Home I left behind
- Amhrán Leeds
- The Singing Waterfall
- Cuan na Beirtrí Buí
- Noreen Bawn
- Amhrán an Tae
- The Patriot Game
- Máire Ní Ghríofa
- Sonny
- Black is the Colour
- Amhrán Mháirtín
- Dan Malone
- Amhrán Fuirnéis
- Precious Lord
The Banks of the Old Ponchartrain
cuir in eagar(Tagairt: NTTCD003)
- This Story I Tell You Is True
- The Little Old Thatched Cabin on the Hill
- A Village in Country Tyrone
- Far Away in Australia
- The Lowlands of Holland
- The Wabash Canonball
- The Hills of Sweet Mayo
- Why Should We Try Anymore
- The Banks of the Old Ponchartrain
- Saibhreas an tSaoil
- The County of Mayo
- Wild Flowers
- Rath Cairn Glas gréine na Mí
- Peace in the Valley
Sioscadh na Gaoithe (The Whispering Wind)
cuir in eagar(Tagairt NTTCD004 )
- The Cottage On the Hill
- The Blazing Star Of Athenry
- Jimmy Mo Mhíle Stór
- The Irish Soldier Boy
- Farewell To Govan
- Boolavogue
- I’ve Lived A Lot In My Time
- Bán Chnoic Éireann, O
- The Roving Galway Boy
- The Galway Rambler
- Hard Times Come Again No More
- I’ve Still Got A Crush on You
- Pat Murphy’s Meadow
- The Tennessee Waltz
- Eochaill
- How Great Thou Art
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "dar le [[TG4]]". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-01-09. Dáta rochtana: 2012-01-18.
- ↑ "Saol". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-03-18. Dáta rochtana: 2012-01-18.
- ↑ Abair Amhrán
- ↑ "Cló Iar-Chonnachta". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-01-31. Dáta rochtana: 2012-01-18.