Naonúr Little Rock
Ar 24 Meán Fómhair 1957, tháinig trúpaí amach i Little Rock, Arkansas chun cosaint a thabhairt do naonúr den chine gorm ar tugadh cead dóibh freastal ar scoil dara leibhéal.
| ||||
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Little Rock Nine (ja) リトルロックの九人 | |||
---|---|---|---|---|
Cineál | grúpa daoine | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Codanna | ||||
Bhí an eachtra ina cor cinniúna i stair na ndaoine gorma sna Stáit Aontaithe. Chuir an tUachtarán Eisenhower in iúl nach nglactar le ciníochas.
Cúlra
cuir in eagarAr 17 Bealtaine 1954, rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe sa chás Brown v The Board of Education go raibh an dlí i gcuid de na stáit a chuir scoileanna poiblí ar leith ar fáil, do pháistí geala agus do pháistí gorma, ag teacht salach ar an mBunreacht.
Ansin tháinig aird an náisiúin ar Martin Luther King sa bhliain 1955 nuair a bhí sé mar cheannaire ar bhaghcat bus Montgomery in Alabama.[1] Réitigh na himeachtaí seo an bealach don ghluaiseacht um chearta sibhialta a chuaigh chun cinn i ndeireadh na gcaogaidí.[2]
Imeachtaí
cuir in eagarIn 1957 bhí gach duine sa domhan ag faire ar a raibh ag titim amach i gcathair Little Rock, Arkansas, áit a raibh ar an arm teacht isteach chun cabhrú le clárú mhic léinn ghorma san ‘Central High School’, a ghlac le mic léinn gheala amháin go dtí sin.[1] Cuireadh scothbhuíon saighdiúirí, an 101st Airborne, isteach chun ord a chur ar bun arís.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 cogg.ie. "An Stair Mórthimpeall Orm 3". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ "John Paul Stevens agus Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-05-17.
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |