Bunreacht na Stát Aontaithe

Is é atá i mBunreacht na Stát Aontaithe ná dlí bunúsach an náisiúin.

17 Meán Fómhair 1787ː Bunreacht na Stát Aontaithe

StairCuir in Eagar

Tháingi deireadh leis an Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá sa bhliain 1783. Bhí an rialtas feidearálach thar a bheith lag ag an am. Ach sa bhliain 1783, eagraíodh coinbhinsiún bunreachtúil.  an Coinbhinsiún ar an mBunreacht. Bhí sé ar intinn ag na teachtaí rialtas náisiúnta láidir a chruthú.

Ar an 17 Meán Fómhair 1787, glacadh le Bunreacht na Stát Aontaithe 

Ar an 21 Meitheamh 1788, dhaingnigh New Hampshire an bunreacht nua, ionas go dtiocfadh sé i bhfeidhm. Mar sin, bhí Bunreacht na Stát Aontaithe daingnithe ag naoi stát. Bhí sé sin a ndóthain chun rialtas nua, rialtas feidearálach níos láidre, a chruthú.

Chuaigh an chéad Seanad, céad Teach na n-Ionadaithe, agus an chéad Uachtarán, George Washington, i mbun dualgas sa bhliain 1789.

Dearbhaíodh Nua Eabhrac mar phríomhchathair fheidearálach ar feadh bliain amháin. Ina dhiaidh sin, bhog an rialtas go dtí Philadelphia.

I 1791, daingníodh Bille na gCeart, is é sin, deich leasú a cuireadh leis an mBunreacht. Thug na leasuithe sin roinnt chosaint dhlíthiúil do na daoine – mar shampla, ní raibh cead ag an rialtas feidearálach srianta a chur ar shaoirse phearsanta na ndaoine. Bhí clásal sa Bhunreacht ag cosaint na sclábhaíochta suas go dtí 1808. Ach bhí dearcaigh faoi sclábhaíocht ag athrú, áfach. Mar sin, dhíothaigh na Stáit Thuaidh an sclábhaíocht idir 1780 agus 1804. Ach fós mhair na stáit sa deisceart mar chosantóirí na “hinstitiúide aisteach” seo. I 1800, bhog an rialtas feidearálach go dtí an chathair nua, Washington, D.C.

AthchóiriúCuir in Eagar

D'fhoilsigh iarbhreitheamh sinsearach de chuid Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe, John Paul Stevens, leabhar, Six Amendments: How and Why We Should Change the Constitution, sa bhliain 2014[1].

TioncharCuir in Eagar

Tá sé ráite gur eiseamláir é Bunreacht na Stát Aontaithe agus is eiseamláir í an tír den daonlathas dá bharr.[2] Deirtí gurbh é 'an Bunreacht ba nuálaí' sa 18ú haois, leis na gnéithe bunaidh ː

Is eiseamláir é fós den chleachtas is fearr agus de dea-rialachas. Mar sin tá tionchar as cuimse ag an Bunreacht timpeall an domhain.[3]

Féach freisinCuir in Eagar

Naisc SheachtrachaCuir in Eagar

Agus é ag scríobh le haghaidh an tionscadail 𝙎𝙩𝙖𝙧𝙩𝙞𝙣𝙜 𝙋𝙤𝙞𝙣𝙩𝙨, mhachnaigh An tOllamh Sanford Levinson sa Scoil Dlí Ollscoil Texas, ar roinnt réamhghlacana bunúsacha a bhí ag na daoine a chruthaigh Bunreacht na Stát Aontaithe agus ar an gcaoi a mbíonn na réamhghlacana céanna ag go leor daoine a bheartaíonn é a athchóiriú agus cé acu an ionann iad agus an cineál rialtais atá de dhíth ar an tír, anois agus sa todhchaí, nó nach ionann.[4]

TagairtíCuir in Eagar

  1. John Paul McCarthy. "An Bunreacht Bacach" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-06-21.
  2. "United States Constitution and worldwide influence" (in en) (2020-09-10). Wikipedia. 
  3. Julian Go, Caibidil 4, lch 89 (Éag Saïd Amir Arjomand) (2007-01-01). "Constitutionalism and Political Reconstruction" (in en). BRILL. 
  4. An tOllamh Sanford Levinson (2020). "Reflections on Constitutional Reform | Starting Points" (en-US). Dáta rochtana: 2020-11-22.