Is éard is 'neamhchoinneálacht[1] ann ná cailliúint éadoilteanach fuailfaecais. Claonadh go dtarlaíonn sí nuair a mhéadaítear an brú i gcuas an bhoilg, le casacht mar shampla. Coiteann go leor i bpáistí, mar fhliuchadh leapa san oíche, fualrith oíche. Tarlaíonn sí do dhaoine aosta de bharr míbhaile ar na fáinní matánacha a dtugtar iatóirí orthu a rialaíonn rith an fhuail ón lamhnán agus gluaiseacht an fhaecais ón inne. Is féidir go ndéanfar dochar don iatóir fuail le linn breith clainne. Mar chóireáil, is féidir go mbeidh rath ar aclaíocht chun matáin an iatóra a neartú, athruithe cothaithe, drugaí nó máinliacht.[2]

  1. “neamhchoinneálacht” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-09-10.
  2. Hussey, Matt (2011). "Neamhchoinneálacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 479.