Éagumas coimpeartha, rud a chuireann isteach ar timpeall 10% de lánúnacha, de bharr an-chuid riochtaí a fhéadfaidh baint le ceachtar díobh. Sa bhaineannach cliseann an t-ubhsceitheadh go minic, agus sa chás sin is féidir na hubhagáin a spreagadh chun na hubháin a thál le hormóin ghónadatrófacha nó drugaí a fheidhmíonn ar an dóigh chéanna sa cholainn. Is féidir go gcuirfidh ionfhabhtú don cheirbheacs, bac sna feadáin útaracha (fallópacha) nó mínormáltachtaí sa bhroinn le cliseadh ubhsceite freisin. I measc na bhfachtóirí sa bhfireannach a chuireann isteach ar choimpeart, tá easpa nó táirgeadh easpach speirmeacha, agus gleanúint na speirmeacha de bharr a soghluaiseacht a bheith lagaithe go mór ag antasubstaintí frithspeirmeacha i séiream an fhireannaigh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Neamhthorthúlacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 479.