Orgán cuasach piorrachruthach matánach, le ballaí ramhra sa bhaineannach é an t-útarasan bhroinn. Sa bhean bíonn sí sa pheilbheas de ghnáth agus síneann suas is chun tosaigh os cionn an lamhnáin ón gcuid uachtarach den fhaighin. Is éard atá inti ná an oscailt (ceirbheacs) ag a bhun is í scartha ó chorp na broinne ag cúngú beag, agus os cionn an áit a dtéann na feadáin útaracha isteach sa chorp tá an fundas. Tá bun an cheirbhics timpeallaithe ag an bhfaighin, agus osclaíonn isteach sa bhfaighin. Tar éis breithe bíonn an bhroinn sa bholg den chuid is mó is an ceirbheacs réasúnta mór, agus ní bhíonn éagsúil ón gcorp. Fásann sí go mall díreach roimh chaithreachas, ach nuair a thosaíonn sé seo, fásann go tapa ar feadh achair. I seanaois tagann an bhroinn le bheith crua is níos snáithíní. Taistealaíonn na hubháin ó na hubhagáin ar feadh na n-ubhaduchtanna comhthreomhara isteach sa bhroinn. Oibríonn éastraiginí is prógaistéaróin, a thálann na hubhagáin, ar líneáil eipitéileach (inmheitriam) na broinne. Aon ubhán a thoirchítear san ubhaducht, ionchlannaítear é i mballa na broinne. Aon ubhán nach dtoirchítear, díbrítear é le barrchisil an inmheitriam mar fhreagairt ar athruithe hormónacha le linn míostraithe. Bíonn an ghnáthbhroinn 7.5 cm ar fhad is timpeall 40 g meáchain. Fásann an bhroinn thoirchithe go tapa i méid is meáchan agus éiríonn isteach sa bholg. Tagann sí le bheith 30 cm ar fhad is suas le 1 kg meáchain faoin 8ú mí. Díreach tar éis breith na clainne, crapann an bhroinn agus infhilleann ar a gnáth-thoisí taobh istigh de dhá mhí.[1]

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtÚtaras
Sonraí
Laidinuterus
Cuid decóras atáirgthe baineann
ovarian artery (en) Aistrigh agus uterine artery (en) Aistrigh
uterine vein (en) Aistrigh
Aitheantóirí
MeSHD014599
TAA09.1.03.001
FMA17558 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.1258
Téarmaíocht anatamaíoch

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Broinn (útaras)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 93.