Neachtan
I miotaseolaíocht na nGael, athair agus/nó fear céile Bhóinne ab ea Neachtan (Sean-Ghaeilge Nechtan).
Sanasaíocht
cuir in eagarMhol Georges Dumézil gur gaol é an t-ainm Neachtan le dia na Breataine darb ainm Nodens, nó an dia na Rómhánach, Neiptiún, chomh maith leis déithe na Peirse na Véidise ar chomh-ainm Apam Napat.[1]
I ndeireadh na dála, d'fhéadfadh go bhfuil an t-ainm fréamhaithe ón bPróit-Ind-Eorpais *nepot- "descendant, mac an deirféar", nó b'fhéidir ó *nebh- "tais, fliuch". De réir sanasaíocht eile, tá Neachtan fréamhaithe ón tSean-Ghaeilge necht[2] "glan, glé agus bán", curtha leis an bhfréamh -neg "nigh", ón PIE *neigᵘ̯- "nigh" [3] Más fíor, beadh sé gaolmhar le pearsana miotasacha a bhíodh ina gcónaí in aice tobar agus fuarán: neck as Béarla (ón Angla-Shacsainis nicor), Sualainnis Näck, Gearmánais Nixe agus Ollainnis nikker, le brí "ollphéist abhann, síofra uisce, crogall, dobhareach", mar sin Sean-Ioruais nykr "síofra uisce i riocht capaill".
Cur síos
cuir in eagarBíodh Neachtan ina cónaí i Sidhe Neachtain sa domhan thíos, an t-ainm miotasach de chnoc Chairbre.[4] Sa dinnseanchas, deirtear gur fear céile Bhóinne agus mac Nuadu é Neachtan.[5]
Ní bhíodh cead ach ag Nechtan agus a thriúr dáileamh cuairt a thabhairt ar Thobar Segais, nó "Tobar na hEagna", inar ligeadh naoi gcoll a gcnónna lán d'eagna titim isteach ann. Bhíodh na Bradáin Fheasa ag snámh sa tobar, agus d'ithidís na cnónna coill. Thugadh saineolas don té a d'íosfadh bradán feasa.[6]
Oidhreacht
cuir in eagarBhí Nechtan mar ainm Ceilteach coitianta, tugtha do chuid mhaith pearsana idir seanscéalacha agus stairiúla. Tugadh Nechtan go minic do ríthe na gCruithneach.[7] Is naomhphátrún Hartland, Devon é Nectan of Hartland, beo a deirtear san 5ú haois. Rinne scoláirí áirithe an cás ámh nach duine stairiúil é Naomh Nectan, ach ina ionad sin foirm Chríostaí den dia Neachtan féin.[8]
Deirtear go bhfuil St Nectan's Kieve i nGleann Naomh Neachtain in aice le Tintagel, Corn na Breataine, ainmnithe as Naomh Nectan, ach le fírinne, is cumadóireacht na Victeoiriach é seo. Tugadh Nathan's Cave ar an áit in 1799,[9] ainmnithe as tiarna talún áitiúil.[10]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Culture, lch. 754, citing Dumézil. Féach freisin Baku ar avesta.org
- ↑ Necht ar eDIL
- ↑ Peter Beresford Ellis, The Druids (Wm. B. Eerdmans Publishing Company, 1995), lch. 134.
- ↑ Edel Bhreathnach, cur síos ar "Bóand/Bóinn/Boyne," in Celtic Culture: A Historical Encyclopedia (ABC-Clio, 2006), lch. 217.
- ↑ [1] ar UCD
- ↑ The boyhood of Fin mac Cumhal In: T. W. Rolleston (eag.) The High Deeds of Finn and other Bardic Romances of Ancient Ireland, G. G. Harrap & Co., 1910, ll. 106–115.
- ↑ Koch, cur síos ar "Aedán mac Gabráin," in Celtic Culture, lch. 16.
- ↑ Gary R. Varner, Sacred Wells: A Study in the History, Meaning, and Mythology of Holy Wells (Algora Publishing, 2009), lch. 26.
- ↑ Gray, Thomas. The Traveller’s Companion, in a Tour through England and Wales; Containing a catalogue of the antiquities, houses, parks, plantations, scenes, and situations, in England and Wales, arranged according to the alphabetical order of the several counties. Londain: G. Kearsley, 1799,
- ↑ Ceri Houlbrook (2016), Saints, Poets, and Rubber Ducks: Crafting the Sacred at St Nectan’s Glen, Folklore, 127:3, ll. 344-361, DOI: 10.1080/0015587X.2016.1197593