Na teangacha Ind-Eorpacha

(Athsheolta ó Próit-Ind-Eorpais)

Is iad na teangacha Ind-Eorpacha an fhine teangacha is forleithne ar domhan. Labhraítear na teangacha seo san India, san Iaráin, ar fud na hEorpa agus i lár na hÁise, ach thairis sin, tá cuid de na teangacha scaipthe ar fud an domhain, agus iad á n-úsáid go forleathan mar chomhghuaillithe sa chumarsáid idir cainteoirí neamhdhúchasacha. Meastar go labhraíonn trí bhilliún duine ar domhan inniu teanga éigin den fhine seo.

Infotaula de llenguaNa teangacha Ind-Eorpacha

Cineálfine teangacha
Úsáid
Cainteoirí dúchais3,320,000,000
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Cóid
ISO 639-2ine
ISO 639-5ine
ISO 639-6ineu
Glottologindo1319
Linguist Listieur
IETFine

██ Tíortha ina bhfuil teangacha Ind-Eorpacha á labhairt ag formhór an daonra

██ Tíortha ina bhfuil teangacha Ind-Eorpacha á labhairt ag mionlach an daonra, agus stádas oifigiúil ag an teanga atá i gceist

██ Tíortha nach bhfuil ach mionlach sainbhríoch iontu a labhraíonn teangacha Ind-Eorpacha, agus níl stádas oifigiúil ag an teanga atá i gceist

Bhí réamhtheachtaí coitianta na teangaí siad go leor, an Próta-Ind-Eorpach. Ní raibh teanga scríofa é riamh, ach is féidir é a athchruthú ó fianaise de na teangaí Ind-Eorpacha beo.

Roinntear an fhine ina hocht bhfoghrúpa, mar atá, na teangacha Ind-Iaránacha, na teangacha Airméanacha, na teangacha Gréagacha, na teangacha Albánacha, na teangacha Baltach-Shlavacha, na teangacha Gearmáinice (nó na teangacha Gearmánda), na teangacha Ceilteacha, agus na teangacha Iodálda.

Tá dhá theanga dhéag den teaghlach teangacha Ind-Eorpacha le fáil i measc na fiche teanga is forleithne ar domhan, mar atá, Spáinnis, Béarla, Hiondúis, Portaingéilis, Beangáilis, Rúisis, Gearmáinis, Maraitis, Fraincis, Iodáilis, Puinseáibis agus Urdúis.   Tá daonra iomlán na dteangacha seo os cionn 1.6 billiún duine.

Agus, ar ndóigh, is teanga Ind-Eorpach í an Ghaeilge féin; is ceann de na teangacha Ceilteacha.

Is féidir na teangacha Ind-Eorpacha a dheighilt sna foghrúpaí seo leanas:

  • Na teangacha Anatólacha. Bhí na teangacha seo á labhairt san Anatóil sular tháinig na Turcaigh ansin. Is iad an chraobh de na teangacha Ind-Eorpacha is luaithe a bhfuil fianaise ina leith againn, nó téann a stair siar go dtí an ochtú haois déag roimh bhreith Chríost. Is í an Hitis an teanga is tábhachtaí acu seo, ach chuaigh na teangacha seo in éag fadó.
  • Na teangacha Ind-Iaránacha. Tháinig siad go léir as an bPróta-Ind-Iaráinis. Fochraobhacha de chuid na dteangacha Ind-Iaránacha is ea iad seo:
    • Na teangacha Ind-Áiríocha. Is í an tSanscrait an teanga is sine acu seo a bhfuil eolas againn fúithi, ach inniu, is iad an Hiondúis agus an Urdúis an dá theanga is tábhachtaí acu. Teanga eile acu seo í an Pháilis, teanga an scrioptúir naofa i mBúdachas Theireaváda.
    • Na teangacha Iaránacha, cosúil leis an Aivéistis, an tSean-Pheirsis, an Choirdis, an Phaistis agus an Pheirsis.
    • Na teangacha Dardacha. Is deacair a rá, an bhfuil an gaol atá ag na teangacha seo ag a chéile níos dlúithe ná an gaol atá acu leis na teangacha Ind-Iaránacha eile, agus tá go leor taighde le déanamh orthu go fóill. Grúpáil gheografach is mó atá i gceist leis na "teangacha Dardacha". Is iad an teanga Khowar agus an Chaismíris na cinn is tábhachtaí acu seo. I dtuaisceart na hIndia agus na Pacastáine is mó a labhraítear na teangacha Dardacha.
    • Na teangacha Núrastánacha. Grúpa beag eile iad seo, agus iad á labhairt sa Phacastáin agus san Afganastáin. Is í an teanga Kamkata-viri an ceann is líonmhaire cainteoirí acu, timpeall is fiche míle ar fad.
  • Na teangacha Gréagacha, is é sin, an Ghréigis agus na leaganacha éagsúla den Ghréigis atá ann: an Ghréigis Mhicinéach ón gceathrú haois déag roimh bhreith Chríost; an Ghréigis Hóiméarach ón ochtú haois roimh bhreith Chríost ar aghaidh; canúintí éagsúla na Gréigise Clasaicí; an Ghréigis Ghinearálta nó koiné; agus an Nua-Ghréigis.
  • Na teangacha Iodálda. Ar dtús, ní raibh sa Laidin ach ceann de na teangacha éagsúla Iodálda a bhí á labhairt ar fud Leithinis na nAipiníní (Leithinis na hIodáile), nó bhí teangacha eile ann cosúil leis an Umbrais, an Oscais, an Volscais, agus an Fhalaiscis, mar shampla. Nuair a d'éirigh an Laidin coitianta ar fud na hIodáile, d'imigh na teangacha seo. Ón taobh eile de, chuir an Laidin féin tús le sraith de theangacha Rómánsacha: an Fhraincis, an Spáinnis, an Chatalóinis, an Iodáilis, an Rómáinis, agus a lán eile (mar shampla An Rómainis san Eilvéis).
  • Na teangacha Airméanacha, is é sin, an tSean-Airméinis ("Grabar") agus an dá chaighdeán Nua-Airméinise.
  • Na teangacha Tocáracha, is é sin, an dá chanúint Tocáirise a bhfuil a n-iarsmaí fágtha againn ón séú haois.
  • Na teangacha Albánacha, is é sin, an teanga Geg agus an teanga Tosk, a bhfuil traidisiún liteartha dá cuid féin ag ceachtar acu. Is í an teanga Tosk an leagan oifigiúil den teanga san Albáin inniu.

Níl sna teangacha seo thuas ach cuid de na teangacha Ind-Eorpacha a bhí ann i rith na staire agus na réamhstaire. Is léir gurb iomaí teanga san fhine seo féin a d'imigh gan rian ar bith a fhágáil ina diaidh, agus tá a fhios againn a lán acu nár fhág ach a n-ainmneacha ar annála na staire.

An chuid is mó de na teangacha saorga a cruthaíodh le freastal ar an gcumarsáid idirnáisiúnta, tá siad bunaithe ar theangacha Ind-Eorpacha, agus is féidir a rá gur teangacha Ind-Eorpacha iad féin. Samplaí is ea na teangacha Interlingua, Occidental, agus Latino sine Flexione. Agus ar ndóigh, tagann an chuid is mó de stór focal na teanga Esperanto as na teangacha Ind-Eorpacha.

Teangacha Satem agus teangacha Kentum

cuir in eagar

Is iomaí saineolaí a aithníonn na teangacha Satem agus na teangacha Kentum thar a chéile. Is iad na teangacha Satem na cinn a chaill an difríocht idir na consain choguasacha agus na cinn liopach-choguasacha, agus a d'iompaigh na coguasaigh charballacha ina siosaigh. Maidir leis na teangacha Kentum, chaill siad an t-idirdhealú idir na gnáth-choguasaigh agus na coguasaigh charballacha. Ó thaobh na geograife de, ritheann an teoirlíne idir na teangacha Satem agus na teangacha Kentum trasna na hEoráise ionas go bhfágann sí na teangacha Kentum suite taobh thiar, na teangacha Satem taobh thoir. Teangacha Kentum iad an Béarla agus an Ghaeilge, mar shampla. Cé go gcreideann cuid mhór saineolaithe go bhfuil gaol réasúnta dlúth ag an nGréigis agus an Airméinis le chéile, is idir an dá theanga seo a ritheann an líne. Teanga Kentum í an Ghréigis, cé go bhfuil gnéithe áirithe den Ghréigis níos cosúla leis na teangacha Satem, ach is teanga Satem í an Airméinis. Tá teangacha ann nach furasta a aicmiú le ceachtar den dá ghrúpa, ar nós na dteangacha Anatólacha, na Tocáirise agus na hAlbáinise, agus níl teangeolaithe an lae inniu chomh tugtha don teoirlíne Satem-Kentum mar phríomhlíne dheighilte agus a bhí a sinsir sa naoú haois déag. Is féidir nach bhfuil ann, i ndiaidh an iomláin, ach ceann de na línte deighilte ar féidir aird a thabhairt orthu agus na teangacha Ind-Eorpacha á n-aicmiú ina bhfoghrúpaí.

An Nostrátachas agus hipitéisí eile

cuir in eagar

Tá saineolaithe ann a chreideann gur féidir forfhine teangacha a aithint a chuimsíonn na teangacha Ind-Eorpacha chomh maith le roinnt finte teangacha eile. Is í an hipitéis den chineál seo is minicí a chuirtear chun tosaigh ná an hipitéis Nostrátach. Is éard atá i gceist leis an bhfine teangacha Nostrátach ná fine atá comhdhéanta as na teangacha Ind-Eorpacha, na teangacha Cugasacha Deisceartacha (is é sin, an tSeoirsis agus an cúpla teanga neamhscríofa a bhfuil gaol aici leo), na teangacha Altaecha (is é sin, na teangacha Tuircice, an Mhongóilis agus na teangacha beaga Mongólacha ar fud na hÁise), na teangacha Úralacha (is é sin, na teangacha Fionnúgracha agus na teangacha Samóideacha), na teangacha Dráivideacha (na cinn a labhraítear i nDeisceart na hIndia), agus na teangacha Afráiseacha. B'é an teangeolaí Danmhargach Holger Pedersen ba thúisce a chuir an hipitéis seo chun tosaigh, thiar sa bhliain 1903, ach b'iad an bheirt Sóivéadach Aharon Dolgopolsky agus Vladislav Illych-Svitych ba mhó a rinne forbairt ar an mbunsmaoineamh.

Tá teoiricí eile den chineál chéanna ag dul timpeall, go háirithe hipitéis na "Próta-Phontaise", a rith leis an teangeolaí John Colarusso sa bhliain 1997, agus hipitéis na teanga "Próta-Dhomhanda", nó Proto-World, a samhlaítear le hainm Joseph Greenberg. Bhí Greenberg ina shaineolaí tábhachtach ar na huilithe teangeolaíocha, is é sin, na prionsabail theangeolaíocha a bhíonn fíor faoi gach aon teanga a labhraíonn na daoine, ach is iomaí teangeolaí a deir go ndeachaigh sé ar strae go hiomlán nuair a chrom sé ar an teanga Phróta-Dhomhanda a thaighde. Is é an locht is mó a fhaigheann na teangeolaithe eile ar mhodh oibre Greenberg ná go mbíonn sé ag cur theangacha an lae inniu i gcomparáid le chéile le comhchosúlachtaí ócáidiúla a aithint, in áit a bheith ag déanamh staidéir ar chomhchosúlachtaí córasacha na dteangacha agus ar a bhforbairt stairiúil, mar ba chóir. Nó is féidir comhchosúlachtaí ócáidiúla a aithint idir dhá theanga, cuma cé acu atá siad gaolmhar nó nach bhfuil; is iad na comhchosúlachtaí córasacha caighdeán na gaolmhaireachta sa teangeolaíocht.

Is fánach teangeolaí a thugann creidiúint do hipitéis Phróta-Dhomhanda Greenberg, ach bíonn an chaint níos tuisceanaí i leith na hipitéise Nostrátaí. Is é an locht is mó a fhaightear ar an hipitéis seo ná nach bhfuil an teangeolaíocht stairiúil in ann dul siar san am chomh fada in Éirinn agus is mian leat. Mar sin, cibé cé acu a bheadh an hipitéis Nostrátach fíor nó nach mbeadh, is éadócha go bhféadfaimis an fhírinne a fháil amach choíche.

An Fhionnachtain

cuir in eagar

B'é Marcus Zuerius van Boxhorn, teangeolaí agus fear léinn ón Ísiltír, ba túisce a chuir sonrú sna cosúlachtaí idir teangacha áirithe Ind-Eorpacha, chomh fada siar leis an mbliain 1647. Thug sé "na teangacha Scitiacha" ar an bhfine teangacha a d'aithin sé, agus ar dtús, luaigh sé an Ísiltíris, an Ghearmáinis, an Laidin, an Pheirsis, agus an Ghréigis mar bhaill den fhine seo. Níos déanaí, d'aicmigh sé na teangacha Baltacha, na teangacha Slavacha agus na teangacha Ceilteacha mar "theangacha Scitiacha" freisin. Níor chuala an saol mór iomrá ar a chuid oibre riamh, áfach, agus mar sin, níor thug torthaí a shaothair spreagadh ar bith do lucht a chomhaimsire chun tuilleadh taighde a dhéanamh ar an gceist seo.

Sa bhliain 1786, áfach, thug Sior William Jones léacht faoi na cosúlachtaí a d'aithin sé idir ceithre theanga na seanársaíochta: an Laidin, an tSanscrait, an Ghréigis agus an Pheirsis. Threisigh Franz Bopp leis an tuiscint nuair a chuir sé teangacha i gcomparáid le chéile de réir modhanna córasacha oibre, agus sna blianta 1833-1852, d'oibrigh sé amach a mhórshaothar, Vergleichende Grammatik des Sanskrit, Zend, Griechischen, Lateinischen, Litauischen, Gotischen und Deutschen, is é sin, "Gramadach Chomparáideach na Sanscraite, na hAivéistise, na Gréigise, na Laidine, na Liotuáinise, na Gotaise agus na Gearmáinise". Ba í an Ghramadach Chomparáideach sin a chuir tús leis an léann Ind-Eorpach mar dhisciplín acadúil.

Forbairt na dTeangacha Ind-Eorpacha

cuir in eagar

Creidtear gur forbraíodh na teangacha seo go léir as an bPróta-Ind-Eorpais a bhí á labhairt na mílte bliain roimh bhreith Chríost - níl na heolaithe féin ar aon fhocal faoin am, ach, de réir na teoirice is forleithne a nglactar léi, bhí sí le cloisteáil sa chúigiú mílaois roimh bhreith Chríost sna tailte steipe in oirthear na hÚcráine, i ndeisceart na Rúise agus in iarthar na Casacstáine. Tá teoiricí eile ann a chuireann an Phróta-Ind-Eorpais níos faide siar san am, áfach. Is iomaí iarracht a rinne na saineolaithe leis an bPróta-Ind-Eorpais a athchruthú is a atógáil de réir an eolais atá ar fáil i dteangacha Ind-Eorpacha an lae inniu chomh maith leis na seanteangacha Ind-Eorpacha a bhfuil a n-iarsmaí scríofa ar fáil, cosúil leis an Laidin, an Aivéistis nó an tSanscrait. Rinneadh na chéad iarrachtaí den chineál seo san 19ú haois, ach is iomaí craiceann a chuir an Phróta-Ind-Eorpais di idir an dá linn, go háirithe nuair a fuair na teangeolaithe amach faoin Hitis, teanga nach raibh ar eolas acu roimh an mbliain 1902, nuair a thángthas ar na chéad téacsaí Hitise sa Tuirc. Is léir nach féidir le saineolaithe an lae inniu féin ach ballaíocht tuairime ar an bhfíortheanga a bhí ann fadó, nó idir an dá linn, chuaigh a lán teangacha in éag gan iarsmaí scríofa a fhágáil ina ndiaidh. Mar sin, tá sé incheaptha go raibh tréithe gramadúla san fhíor-Phróta-Ind-Eorpais nach bhfuil a fhios ag na scoláirí féin iad, ó d'imigh siad leis na teangacha sin, gan aon lorg a fhágáil ar na teangacha beo ná ar na seanteangacha scríofa.

Is féidir a rá, ar a laghad, gur teanga tháite a bhí sa Phróta-Ind-Eorpais, is é sin, go ndeachaigh sí i muinín míreanna gramadúla (iarmhíreanna ach go háirithe) le baint na bhfocal le chéile a chur in iúl. D'úsáidtí iarmhíreanna agus réimíreanna freisin le focail nua a fhréamhú as na tamhain. Is dócha go raibh córas an-chasta réimnithe ag na briathra, agus na gutaí a athrú le foirmeacha éagsúla gramadaí a chur in iúl ("ablabht" a thugtar ar an bhfeiniméan seo, focal atá bunaithe ar Ablaut na Gearmáinise).