An Phaistis

teanga náisiúnta na hAfganastáine
(Athsheolta ó Paistis)

Is í an Phaistis teanga náisiúnta na hAfganastáine.[1] Thairis sin, labhraíonn na treibheacha fáin sa Phacastáin, in aice le teorainn na hAfganastáine, canúintí Paistise. Níl sé soiléir cé mhéad daoine a labhraíonn ó dhúchas í, ach creidtear go bhfuil timpeall dhá scór milliún, nó leathchéad milliún, acu ann. Níl mórán caighdeánú ná saothrú liteartha déanta ar an bPaistis riamh, agus mar sin, is fearr le lucht a labhartha féin PeirsisUrdúis a úsáid mar theanga scríofa. Tá gramadach na Paistise i bhfad níos casta agus níos seanársa ná gramadach na Peirsise.

Infotaula de llenguaAn Phaistis
پښتو ژبه

Cineálteanga nádúrtha, macraitheanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais39,000,000 (2007)
Stáitan Afganastáin, an Phacastáin, an India, An Bhalúcastáin, an Iaráin, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Ceanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ind-Iaránacha
teangacha Iaránacha
Eastern Iranian (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Arabach agus script Araibise
Cóid
ISO 639-1ps
ISO 639-2pus
ISO 639-3pus
Glottologpash1269
Linguasphere58-ABD-a
Ethnologuepus
ASCL4102
IETFps

Baineann an Phaistis leis an gcraobh Oir-Dheisceartach de na teangacha Iaránacha. Is iad na teangacha Iaránacha i Sléibhte Pamir is gaolmhaire léi, cosúil leis an teanga Sarikoli, an teanga Shughni, an teanga Wakhi agus an teanga Munji.

Tá stádas áirithe ag an bPaistis sna cúigí Pacastánacha ina labhraítear í - i gCúige na gCríoch Thiar Thuaidh (Béarla: North-West Frontier Province) agus i gcríocha na dtreibheacha atá faoi cheannas an rialtais fheidearálaigh (Béarla: Federally Administered Tribal Areas). Go praiticiúil, áfach, níl mórán stádais ag an bPaistis sa Phacastáin, nó is iad teangacha oifigiúla an stáit - an Urdúis agus an Béarla - an dá theanga is láidre sa tsochaí. An cineál Paistise a bhíonn le cloisteáil sa Phacastáin, bíonn sí breac le hiasachtaí Béarla agus Urdúise, ní nach ionadh. Ón taobh eile de, cé go bhfuil stádas oifigiúil ag an bPaistis san Afganastáin, is í an Pheirsis an teanga is mó a úsáidtear san oideachas agus sna nuachtáin sa tír sin.

  1. “Paistis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2022-09-05.