Is éard atá i gceist le niúmatóracs ná aer a thagann isteach ar bhealach mínormálta sa spás idir an dá chiseal scannáin (an spás pleorach) a chumhdaíonn gach scamhóg. Cuireann sé seo brú breise mórthimpeall na scamhóige is cosc ar a borradh i gceart, agus is féidir go sleabhcfaidh sí go hiomlán is nach mborrfaidh ina dhiaidh sin. Tarlaíonn an riocht seo má sceitheann aer ón scamhóg trí laige éigin (niúmatóracs spontáineach) nó má thagann an t-aer isteach ón taobh amuigh trí chréacht i mballa an chliabhraigh.[1]

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtNiúmatóracs
Aitheantóirí
MeSHD011030
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/pneumothorax
Téarmaíocht anatamaíoch

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Niúmatóracs". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 486.

Naisc sheachtracha cuir in eagar