Nicholas Callan
fisiceoir Éireannach
Fisicí a saolaíodh gar d'Áth Fhirdia ab ea Nicholas Callan (22 Nollaig 1799 - 10 Eanáir 1864). Ollamh i gColáiste Phádraig, Má Nuad. I 1836 chéadcheap sé an corna ionduchtúcháin, réamhtheachtaire an trasfhoirmeora atá riachtanach don chóras soláthar leictreachais. Úsáidtear fós é le spréach a dhéanamh trasna na spréachbhearnan in inneall dócháin inmheánaigh. Chéadcheap sé batairí nua, agus fuair paitinn ar mhodh leictreach chun iarann a chaomhnú ó mheirg.
Nicholas Callan | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | 22 Nollaig 1799 |
Bás | 10 Eanáir 1864 |
Oideachas | |
Alma mater | Ollscoil na hÉireann, Má Nuad |
Gairm | |
Gairm | fisiceoir, cumadóir agus múinteoir ollscoile |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | Caitliceachas |
TagairtíCuir in Eagar
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |