Nua-stíl
An córas dátaithe a tháinig tar éis don Bhreatain Mhór is a coilíneachtaí Meiriceánacha glacadh le féilire Ghreagóra ar 14 Meán Fómhair 1752. Luaitear na dátaí roimhe sin mar dhátaí seanstíle. Dhíbir an córas nua 11 lá chun teacht ar comhchéim leis an gcuid eile den Eoraip, agus d'athraigh lá athraithe na bliana ó Fhéile Theachtaireacht an Aingil (25 Márta) go dtí 1 Eanáir.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Nua-stíl". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 488.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |