Oenothera biennis

speiceas plandaí

Speiceas den géineas Oenothera biennis (Gaeilge: an choinneal oíche[1]), dúchasach do Mheiriceá Thuaidh, ó Thalamh an Éisc siar go hAlberta, soir ó dheas go Florida, agus siar ó dheas go Texas, ach saothraithe is tugtha chun cineáil i gcuid mhaith tíortha eile. ó dhúchas do thoir agus lárnach Meiriceá Thuaidh, agus déantar é a nádúrthaiú go forleathan in áiteanna eile i réigiúin mheasartha agus fothrópaiceacha. Táirgtear ola choinnle oíche ón bplanda.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoOenothera biennis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deEvening primrose oil (en) Aistrigh agus evening primrose seed (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Dath na mbláthannabuí agus flannbhuí Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdMyrtales
FineOnagraceae
GéineasOenothera
SpeiceasOenothera biennis Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Éiceolaíocht cuir in eagar

 
Léaráid de Oenothera biennis

Tá saolré dhá bhliain (débhliantóg) ag Oenothera biennis ag fás go 30–150 cm ar airde. Tá na duilleoga lansach, 5–20 cm ar fad agus 1–2.5 cm ar leithead, a tháirgtear i róiséad teann sa chéad bhliain, agus ar gas go bíseach sa dara bliain.

Maireann an bláth ó dheireadh an earraigh go deireadh an tsamhraidh. Tá na bláthanna heirmeafraidíteach, a tháirgtear ar spící arda agus ní mhaireann siad ach go dtí an meán lae dár gcionn. Osclaíonn siad go gasta gach tráthnóna ag léiriú seónna spéisiúla, agus uaidh seo an t-ainm “An sabhaircín tráthnóna” nó "evening primrose" sa Bhéarla..

Is buí iad na bláthanna, 2.5–5 cm trastomhas, le ceithre pheiteal déliopach. Tá patrún geal treorach neachtar, dofheicthe ar an tsúil, ag struchtúr na mbláthanna geal. Tá an patrún seo soiléir faoi sholas ultraivialait agus feiceálach dá pailneoirí, do leamhain, d'fhéileacáin, agus do bheacha .

Cochall sorcóireacg an toradh 2–4 cm ar fhad agus 4–6 cm ar leithead, ina bhfuil go leor síolta fada 1-2 cm ar leithead, sceite nuair a scoiltear an cochall ina cheithre chuid le linn na haibíochta.[3][4][5][6]

Is bia tábhachtach d'éin iad na síolta.


Cleachtais talmhaíochta cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Oenothera biennis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. http://nccih.nih.gov/health/eveningprimrose (Retrieved 6/17/13)
  3. Borealforest: Oenothera biennis Curtha i gcartlann 2007-07-13 ar an Wayback Machine
  4. Plants of British Columbia: Oenothera biennis Curtha i gcartlann 2016-12-21 ar an Wayback Machine
  5. Jepson Flora: Oenothera biennis
  6. Ultraviolet Flowers: Oenothera biennis

Naisc sheachtracha cuir in eagar