Oileáin Chúiríl
Oileánra bolcánach a shíníonn soir ó thuaidh ó Hokkaido na Seapáine go Leithinis Kamchatka sa Rúis is ea Oileáin Chúiríl.[1] Scarann Oileáin Chúiríl Muir Ocatsc ar a dtaobh thiar agus an Aigéan Ciúin Thuaidh soir agus soir ó dheas uathu. Tá 56 oileán ar fad ann chomh maith le roinnt carraigí. Tá an t-oileánra 1,300 km (810 míle) ar fhad. Tá achar 10,503.2 km2 (4,055 míle cearnacha) de thalamh sna hoileáin.
(ru) Курильские острова | ||||
Cineál | Oileánra agus críoch atá ina hábhar achrainn | |||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Cúige Shakhalin, An Rúis | |||
| ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Ocatsc agus an tAigéan Ciúin | |||
Codanna | ||||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 2,339 m | |||
Pointe is airde | Alaid (en) (2,339 m ) | |||
Achar | 10,500 km² | |||
Stair | ||||
Croineolaíocht | ||||
7 Bealtaine 1875 | Treaty of Saint Petersburg (en) | |||
Tá na hoileáin ar fad faoi dhlínse na Rúise faoi láthair, cé go bhfuil éileamh ag an tSeapáin ar roinnt oileán i ndeisceart an oileánra. Sa bhliain 2010 bhí cónaí ar 19,434 duine ar na hoileáin.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Trinse Chúiríl” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-12.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |