Oileán Norfolk
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Gramadach, stíl, srl.
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Ní mór feabhas a chur ar an litriú agus/nó ar an ngramadach san alt seo. Ná bain an chlib seo den alt ach i ndiaidh do chainteoir dúchais nó líofa súil a chaitheamh air, le do thoil.
Tar éis an t-alt a cheartú, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. |
Is oileán beag san Aigéan Ciúin é Oileán Norfolk (sa teanga Norfolk: Norfuk Ailen) agus é suite idir an Astráil, an Nua-Shéalainn agus an Nua-Chaladóin. Tá an t-oileán mar pháirt de Chomhlathas na hAstráile, ach tá méid áirithe féin-rialtais ann. Is críoch sheachtrach na hAstráile é, in éineacht le dhá oileán cóngarach dó. Is é péine Oileán Norfolk siombail an oileáin, é á léiriú ar bhratach an oileáin. Tá an crann dúchasach don oileán, agus tá sé éirithe coiteann mar chrann maisithe coiteann san Astráil freisin, áit ina fhásann dhá speiceas gaolmhara léi.
Oileán Norfolk | |||||
---|---|---|---|---|---|
Norfolk Island (en) | |||||
|
|||||
Aintiún | God Save the King | ||||
Mana | «Inasmuch» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Astráil | ||||
Príomhchathair | Kingston | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,188 (2021) | ||||
• Dlús | 63.24 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | Béarla Norfuk | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 34.6 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Ciúin | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Norfolk Legislative Assembly (en) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach Oileán Norfolk | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | Dollar na hAstráile | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | NSW 2899 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .nf | ||||
Glaochód | +6723 | ||||
Cód tíre | NF | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | info.gov.nf |
Bhí Oileán Norfolk lonnaithe ag marnéiligh thoir-Pholainéiseacha ar dtús. Tháinig siad seo ó na hOileáin Kermadec (taobh ó thuaidh ó Oileán Thuaidh na Nua-Shéalainne. Shroich siad an t-oileán sa 14ú nó 15ú haois, agus mhair siad ann ar feadh roinnt glúinte sular imigh siad ón oileán.
Ba é an Captaen James Cook an chéad Eorapach fiosrach chun an oileán a fheiscint (i 1774), ar a dhara aistear go dtí deisceart an Aigéin Chiúin. Bhí an t-oileán ainmnithe tar éis an Bhaindiúc Norfolk sa Bhreatain, bean chéile Éadmhard Hobháird, an 9ú Diúc Norfolk (1685-1777).
Dúirt an tUasal John Call gurbh iad buntáistí an oileáin ná gurbh oileán neamháirtrithe é agus gur fhás líon ann. I 1786, d'áirigh Pharlamaint na Breataine Oileán Norfolk mar lonnaíocht cúntach, mar a dúirt John Call, ina phlean coilínithe do New South Wales. Glacadh an cinneadh chun lonnú ar Oileán Norfolk mar gheall ar chinneadh Banimpire Caitríona na Rúise chun an díoladh cnáibe a srianadh. Go praiticiúil, tháinig an cnáib agus líon go léir a d'úsáid an Cabhlach Ríoga do théadra agus mar anairt seoil ón Rúis.
Nuair a shroich an Chéad Flít Bhriotanach Port Jackson (Cuan Sydney san Astráil) i mí Eanáir 1788, d'ordaigh Gobharnóir Arthur Phillips don Leifteanant Phillip Gidley King grúpa de 15 coirpeach agus 7 saorfhir a thógáil chun seilbh Oileán Norfolk a ghacadh agus é a fháil réidh le haghaidh forbairt thráchtála. Shroich siad an t-oileán ar an 6ú Márta 1788.
I rith an chéad bhliain den lonnaíocht (glaodh Sydney uirthi i ndiaidh phríomhchathar na hAstráíle), seoladh níos mó coirpeach agus saighdiúirí ann ó New South Wales.