Oileán na Deascabhála
Is oileán iargulta bolcánach san Atlantach Theas sna teochreasa é Oileán na Deascabhála.[1] Cuid den chríoch Bhriotanach San Héilin, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha atá ann. Cónaíonn gobharnóir na críche i Jamestown, i San Héilin.
Cineál | Oileán agus limistéar riaracháin | ||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Deascabháil | ||||
Suíomh | |||||
Mór-roinn | an Afraic | ||||
Limistéar riaracháin | San Héilin, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha, Ríocht Aontaithe | ||||
| |||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | ||||
Tréithe | |||||
Airde os cionn na farraige | 345 m | ||||
Toisí | 12 () × 14 () km | ||||
Pointe is ísle | an tAigéan Atlantach (0 m ) | ||||
Achar | 88 km² | ||||
Stair | |||||
Blian aimsithe | 1501 agus 1503 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Dáta a bunaíodh | 1815 | ||||
Suíomh gréasáin | ascension.gov.ac | ||||
Tá an t-oileán suite 1,600 ciliméadar amach ó chósta na hAfraice agus 2,250 ciliméadar ó chósta Mheiriceá Theas. Tá 88 ciliméadar cearnach d'achar ann.
Ceaptar go bhfaca loingseoir ón bPortaingéil an t-oileán den chéad uair sa bhliain 1501 ach, má chonaic, níl aon taifead air sin le fáil anois. Ar Fhéile na Deascabhála sa bhliain 1503, tháinig loingseoir Portaingéalach eile, Alfonso de Albuquerque, ar an oileán. D'ainmnigh sé as an bhféile é.
Tá daoine ag maireachtáil ar Oileán na Deascabhála ón bhliain 1815 i leith, an bhliain ar cuireadh garastún Briotanach isteach ann, é sin i ndiaidh Napoléon Bonaparte a chur i ngéibhinn ar San Héilin.
Cé nach bhfuil daonra dúchasach ná buanseasmhach inniu ann, bíonn isteach is amach le míle duine ina gcónaí ar Oileán na Deascabhála. Is as an oileán San Héilin a bhformhór, agus as an Ríocht Aontaithe agus as na Stáit Aontaithe cuid eile díobh. Oibríonn an chuid is mó díobh le fórsaí míleata na Ríochta Aontaithe. Oibríonn daoine eile le seirbhísí teileachumarsáide agus eagraíochtaí spáis mar NASA, nó ag soláthar seirbhísí sóisialta agus riaracháin. Tá scoil ar an oileán do pháistí suas le 16 bliana d'aois.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Oileán na Deascabhála” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-01.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |