Páirtí an Lucht Oibre (an Ríocht Aontaithe)
Tá Páirtí an Lucht Oibre ar cheann de na páirtithe polaitiúla is sine agus is mó sa Ríocht Aontaithe. Go stairiúil, glacann an páirtí seasaimh eite chlé ar cheisteanna eacnamaíochta, agus seasaimh liobrálacha ar cheisteanna sóisialta.
Aintiún | The Red Flag | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Ainm gearr | Lab | ||||
Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | sóisialachas daonlathach daonlathas sóisialach | ||||
Ailíniú polaitíochta | ar chlé ón lár | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1900, Londain | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Páirtí na Sóisialaithe Eorpach An tAontas Forásach Labour and Socialist International (en) (1923–1940) | ||||
Ballraíocht | 552,000 (2017) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | Keir Starmer (2020–) | ||||
Ardrúnaí | Iain McNicol (en) | ||||
Ógeagraíocht | Young Labour (en) (1993–) | ||||
Codanna | |||||
Teach Theachtaí na Ríochta Aontaithe | 198 / 650 | ||||
Teach na dTiarnaí (2024) | 175 / 808 | ||||
Pàrlamaid na h-Alba | 22 / 129 | ||||
Tionól Náisiúnta na Breataine Bige | 30 / 60 | ||||
London Assembly (en) | |||||
Eile | |||||
Dath | |||||
Suíomh gréasáin | labour.org.uk | ||||
Ó vótáladh rialtas Lucht Oibre Gordon Brown amach i 2010, tá an páirtí mar fheasúra oifigiúil na Ríochta Aontaithe. In olltoghchán is déanaí na Ríochta Aontaithe, i Mí Nollag 2019, bhuaigh an páirtí 203 shuíochán de na 650 ceann a bhí le fáil i dTeach na dTeachtaí, agus 32.1% de na guthanna. Ó Mhí Aibreáin 2020, is é Keir Starmer atá ina cheannaire ar an bpáirtí. Tá an páirtí i mbun rialtais sa Bhreatain Bheag, agus is é Vaughan Gething, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain Bheag, atá ina Chéad-Aire ar an tír.
Stair an pháirtí ó 2015
cuir in eagarCeannasaíocht Corbyn
cuir in eagar2015-2017
cuir in eagarSa bhliain 2015, toghadh Jeremy Corbyn mar cheannaire ar an bPáirtí, i ndiaidh don pháirtí Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2015 a chailleadh, agus i ndiaidh dá réamhcheannaire, Ed Miliband, a éirí as. Ag an am sin, measadh gur iarrthóir an-chleitiúil go coibhneasta chun cheannais an Pháirtí a bhí i gCorbyn – bhí in áireamh a choid beartas ná go gcruthódh Banc Shasana airgead le haghaidh infheistiú i dtithíocht agus in iompar poiblí[1]; go n-athnáisiúnófaí na córais fuinnimh agus iarnróid[2]; agus go ngearrfadh an rialtas cuid den £93 billiún a thugann an rialtas, dar le Kevin Farnsworth, léachtóir ar Ollscoil Eabhrac, i maoluithe cánacha do chomhlachtaí éagsúla[1][3]. Bhuaigh sé an comórtas ceannaire mar gheall ar thacaíocht an-mhór ó bhaill an pháirtí cé nach bhfuair sé a lán tacaíochta óna chuid Fheisirí Westminster. Mhair scoilte poiblí idir eite chlé agus eite dheis an pháirtí a fhad is a bhí Corbyn ina cheannaire, cé gur maolaíodh orthu go suntasach i ndiaidh Olltoghcháin na Ríocht Aontaithe 2017 don pháirtí, toghchán a thug méadú measartha i líon na suíomhanna Westminster agus méadú mór i líon na vótaí don pháirtí, in ainneoin tairngreachtaí forleathan go gcaillfí an páirtí a lán tacaíochta.
2017-2019
cuir in eagarAmach as Olltoghchán 2017, lean an páirtí polasaithe eacnamaíochta níos mó chun na heite clé ná cinn an rialtais (atá faoi stiúir an Pháirtí Choimeádaigh) a chur chun cinn. Ag Ard-Fheis an pháirtí sa bhliain 2018, bheartaigh an scáth-seansailéir, John McDonnell, go mbeadh ar chomhlachtaí móra 10% a gcuid scaireanna a thabhairt dá lucht fostuithe; go gcuirfí pá íosta na Ríochta Aontaithe suas go £10 in aghaidh na huaire; go mbeadh margáil chomhchoiteann idir ceardchumainn agus fostaitheoirí i ngach earnáil eacnamaíochta; agus go n-atabhairfí an córas uisce (chomh maith leis na córais iarnróid, fuinnimh agus poist) faoi sheilbh poiblí, chomh maith le cuid mhór polasaithe eile.[4][5]
I bhfeachtas Olltoghchán 2019, b'é príomh-mhana an pháirtí ná "It's Time for Real Change", agus iad ag maíomh gurb é Páirtí an Lucht Oibre an páirtí is fearr chun seirbhísí poiblí a fheabhsú agus chun geilleagar a chruthú a d'oibreodh ar son gach duine.[6]
I ndeireadh an scéil, theip ar an pháirtí tromlach a shéanadh don Pháirtí Caomhach i dTeach na dTeachtaí. Níor éirigh leo ach 203 shuíochán a bhuachan as na 650 ceann a bhí le fáil, agus 32.1% den vóta bainte amach acu. De réir méid na suíochán, b'é an toradh ba mheasa é a d'fhulaing an páirtí ó na 1930idí.
Aighneas faoin bhfrith-ghiúdachas
cuir in eagarÓn bhliain 2016, tá aighneas sa pháirtí faoi imnithe go bhfuiltear ag cur suas le frith-Ghiúdachas laistigh den pháirtí. I mí Aibreáin 2016, i ndiaidh airde sna meáin ar dhá ráiteas conspóideach ó bhaill iomráiteacha den pháirtí – Naz Shah, feisire i dTeach na dTeachtaí, agus Ken Livingstone, iar-mhéara ar Londain, faoi seach – coimisiúnaíodh tuairisc ar fhrith-Ghiúdachas laistigh den pháirtí ó dhlíodóir agus ball den pháirtí Sami Chakrabarti.[7] Níor chuir an tuairisc seo deireadh leis an aighneas, áfach; tá daoine éagsúla laistigh agus lasmuigh den pháirtí araon ag déanamh líomhan nach bhfuil ceannasaíocht an pháirtí ag déanamh a dhóthain le dul i ngleic leis an bhfrith-Ghiúdachas laistigh den pháirtí. Tháinig na líomhaine seo chun cinn go háirithe i mí Mhárta 2018, nuair a fuair sean-trácht a rinne Jeremy Corbyn faoi mhórphictiúr aird sna meáin[8], agus i mí Feabhra 2019, nuair a d'imigh an feisire parlaiminte Luciana Berger, gur Giúdach í, den pháirtí, agus í ag lua drochíde frith-Ghiúdaí agus an chreidiúint a bhí aici go raibh an páirtí anois "ina páirtí go forleitheadach frith-Ghiúdach" mar na cúiseanna gur imigh sí.[9]
I rialtas na Breataine Bige
cuir in eagarTá Páirtí an Lucht Oibre ar an bpáirtí is mó i Senedd (Seanad/Parlaimint) na Breataine Bige. Is é Vaughan Gething, Céad-Aire na Breataine Bige, ceannaire an pháirtí sa Bhreatain Bheag. Ón toghchán is déanaí i 2021, is é Páirtí an Lucht Oibre an t-aon pháirtí atá i rialtas na Breataine Bige, iad ag rialú mar rialtas mionlaigh le margadh muinín-agus-soláthar le Plaid Cymru. I measc na ndlithe nua atá curtha isteach ag an rialtas ó 2016, tá cosc ar phollaidh dlúthphearsanta do dhaoine faoi bhun 18 mbliana[10]; cosc ar chaitheamh tobac taobh amuigh de scoileanna agus ospidéil[11]; leathnú cearta vótála, vótaí do dhaoine 16 bliana sna toghcháin áitiúla ina measc sin[12]; agus rialacha chun tacú le saoirse agus inscne-neodracht na gculath scoile[13].
Pobalbhreitheanna
cuir in eagarÓ tharla Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2019, is idir 28% agus 56% d'fhreagarthóirí i bpobalbhreitheanna sa Bhreatain Mhór a deir gur ar son Pháirtí an Lucht Oibre a vótálfaidís dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.[14][15]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 LabourList (22 Mhí Iúil 2015). """You just cannot cut your way to prosperity" – Jeremy Corbyn outlines plans to make "large reductions" in £93bn of corporate subsidies" (Béarla). LabourList. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.
- ↑ Jane Merrick (9 Mhí Lúnasa 2015). "Jeremy Corbyn to 'bring back Clause IV': Contender pledges to bury New Labour with commitment to public ownership of industry" (Béarla). The Independent. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.
- ↑ [Chakrabortty] (7 Mhí Iúil 2015). "The £93bn handshake: businesses pocket huge subsidies and tax breaks" (Béarla). The Guardian. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.
- ↑ "John McDonnell offers an ambitious alternative economic policy" (en). The Economist. Dáta rochtana: 2018-10-20.
- ↑ "Labour: We'll make firms give staff shares" (en-GB). BBC News (2018-09-24). Dáta rochtana: 2018-10-20.
- ↑ "The Labour Party". The Labour Party. Dáta rochtana: 2019-11-20.
- ↑ Zack Beauchamp (2018-03-29). "The UK Labour Party’s anti-Semitism crisis, explained". Vox. Dáta rochtana: 2019-03-12.
- ↑ Serina S, hu (2018-03-26). "Jeremy Corbyn’s anti-Semitism row: the key facts you need to know" (en-GB). inews.co.uk. Dáta rochtana: 2019-03-12.
- ↑ "7 MPs Quit The Labour Party To Form 'The Independent Group'" (en). HuffPost UK (2019-02-18). Dáta rochtana: 2019-03-12.
- ↑ Steven Morris (2018-02-02). "'It’s stupid': young people on Wales' intimate piercing ban" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
- ↑ Steven Morris (2018-05-24). "Wales to ban smoking outside hospitals and schools in UK first" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
- ↑ Steven Morris (2018-01-28). "Over-16s to get voting rights in some Welsh elections" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
- ↑ Richard Adams Education editor (2019-07-10). "Welsh schools to offer cheaper uniforms with gender-neutral options" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
- ↑ "2022 General Election Polls - Election Polling". www.electionpolling.co.uk. Dáta rochtana: 2019-02-23.
- ↑ "UK Polling Report". ukpollingreport.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-17. Dáta rochtana: 2018-10-20.