Is éard is péist ribíneach ann ná péist leacaithe sheadánach. Faightear na hainmhithe fásta i stéig veirteabraigh. Bíonn an ceann ceangailte le slabhra teascán, a dhéantar trí bhaclú.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPéist ribíneach
Nemertea Cuir in eagar ar Wikidata

Micrura verrilli Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamNemertea Cuir in eagar ar Wikidata
Schultze, 1851
Péist ribíneach fásta

I dtimthriall a beatha bíonn staid larbhach a chaitheann sí in óstach idirmheánach a itheann an t-óstach deireanach. Deirtear gur inmhíolú é nuair a bhíonn péist ribíneach ina cónaí i stéig an óstaigh.

Tá gnéithe éagsúla a inmhíolaíonn an duine, ceann acu a fhásann chomh fada le cuid mhaith méadar, fiú. Ní chuireann sí tús le haon ghalar suntasach, ach is míthaitneamhach do dhuine í a bheith ann. Tá ceann a inmhíolaíonn muca is a chuireann tús le galar hiditíde, ionfhabhtú orgán éagsúil, go príomha ionfhabhtú an ae a dhéanann cisteanna ann, i ndaoine a itheann an mhuiceoil sin. Tá péisteanna ribíneacha a inmhíolaíonn madraí, cait, caoirigh, fiú éisc.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Péist ribíneach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 514.