Pairilis na matán ar thaobh amháin den aghaidh, ceangailte le néaróg chráiniach VII (an néaróg aghaidhe). Is féidir go dtarlóidh damáiste don néaróg seo trí thráma, ionfhabhtú víreasach nó brú iomarcach ar an néaróg mar a dtagann sí amach trína canáil ag bun na blaoisce. Ainmníodh an riocht as an máinlia Albanach Charles Bell (1774-1842).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Pairilis Bell". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 71.