Paramaighnéadas
Iarmhairt mhaighnéadach atá i láthair i gcuid mhaith ábhar (mar shampla, alúmanam is ocsaigin ag teocht an tseomra) ina n-ailíníonn móimintí maighnéadacha na n-adamh aonarach chun tacú le réimse mhaighnéadach atá i bhfeidhm orthu, agus an t-ábhar féin aomtha ag foinse na réimse feidhmithí. Airí sainiúil de is ea go mbíonn so-ghabháltacht dhearfach mhaighnéadach ag an ábhar. Baintear feidhm as seo i bhfuarú maighnéadach.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Paramaighnéadas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 507.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |