Cineál éan beag mara atá gaolmhar leis an albatras is ea an peadairín. Cuid mhaith saille ina cholainn, ionas go n-úsáideadh mairnéalaigh an t-éan mar choinneal ach buaiceas a chur tríd an gcolainn.

Hydrobates pelagicus

Sanasaíocht cuir in eagar

Tagann an focal “peadairín” ón bhealach a eitlíonn an t-éan agus a chosa ag scimeáil go díreach ar dhromchla an uisce, cosúil leis an mbealach ar shiúil Naomh Peadar ar Mhuir na Gailíle (Matha 14:28); cf. Béarla petrel, Sean-Fhraincis Peterelle (?), Laidin dhéanach Peterellus, ón Ghréigis: Πέτρος ó πέτρα “cloch”.

Aicmiú cuir in eagar

Is baill den ord Procellariiformes iad, cé nach grúpa tacsanomaíochta iad na peadairíní toisc nach bhfaightear iad ach i dtrí cinn as na ceithre fhine san ord (seachas fine na n-albatras, Diomedeidae).

Téarmaíocht cuir in eagar

Ní ionann go hiomlán na peadairíní agus na petrels i mBéarla. Mar shampla, tugtar “fulmaire” nó “cánóg bhán” ar fulmar's petrel agus tugtar “guairdeall” ar speicis éagsúla de storm petrels.[1]

Samplaí cuir in eagar

  • Bulweria bulwerii: peadairín Bulwer
  • Hydrobates pelagicus: peadairín na stoirme (nó guairdeall)
  • Pterodroma feae: peadairín clúmhach Fea
  • Pterodroma madeira: peadairín clúmhach Mhaidéara
  • Pterodroma mollis: peadairín clúmhach deisceartach

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Clamprán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 142.