Piers Morgan
Is eagarthóir Sasanach de phór na hÉireann é Piers Morgan (rugadh Piers Stefan O'Meara). Rugadh é i nGuildford, Surrey ar an 25 Márta, 1965. Bhí sé ina eagarthóir ar an News of the World (1994–1995) agus ar an Daily Mirror (1995–2004). Tá sé ina stiúrthóir eagarthóireachta ar nuachtán náisiúnta do pháistí, First News. Bhí sé ina bhreitheamh ar Britain's Got Talent agus America's Got Talent agus bhuaigh sé seó dar teideal The Celebrity Apprentice. Tá ocht leabhar scríofa aige.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |