Saghas teirmiméadair chun teochtaí an-arda a thomhas. I bpiriméadar optúil, cuirtear dath an réada the i gcomparáid le dath filiméid théite a bhfuil sruth rialaithe ag rith ann. Nuair a réitíonn na dathanna le chéile, is ionann teocht an réada is teocht an fhiliméid. Bíonn teocht an fhiliméid grádaithe i leith an tsrutha ann roimh ré.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Piriméadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 520.