Tá dhá ghalar éan leis an ainm seo: plá chearc agus galar Newcastle, saghsanna difriúla ach iad araon víreasach. Feictear iad i gcearca de ghnáth, ach tarlaíonn siad do gach saghas éin. Ionsaíonn sí na córais néarógacha, díleáite is riospráide. Go minic marfach. Rinneadh taifead den chéad uair ar an dara saghas i Newcastle-upon-Tyne Shasana i 1928.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Plá chearc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 521.