Orgánaigh shíobtha mhuirí nach bhfuil aon chóras gluaiseachta acu den chuid is mó. Roinntear ina bhfiotaplanctóin is ina zóplanctóin iad. An chuid is mó díobh micreascópach. Is staid larbhach orgánach le pais fhásta eile cuid acu (na míreaplanctóin), cosúil le gráinneoga trá, crosóga mara, déchomhlaigh is éisc larbhacha. Fanann cuid eile ina bplanctóin i rith a mbeatha (na holaplanctóin) mar a dhéanann na cópapóid, na saigheada mara is na crilleanna.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Planctón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 523.